Monday, December 23, 2013

Beannacht


Beannachtaí na féile uaimse chugaibhse, a léitheoirí. 

Tá súil agam go gcaithfidh sibh bhur gcuid ama le cuideachta shultmhar, agus go mbeidh craic agus cairdeas romhaibh, cibé áit ina mbeidh sibh an Nollaig seo. Cúpla smaoineamh daoibh, as m'amhrán, Féile na Nollag

Guímid don pháiste a rugadh,
's don leanbh nár tháinig go fóill,
's dár bpáistí a d'fhág sinn róluath,
ina gcuimhne ardóimid ár nglór.

Do dhaoine atá ar an ngannchuid,
ag fulaingt, faoi chéasadh, i bpáis,
seolfaimid cúnamh is beidh muid
'cur síolta ár ngrá dhóibh ag fás.

Níl muide 'nár mbreitheamh ar éinne,
is cuma cén creideamh ná claon,
go maire ár gcineáltas daonna,
mar a bhíonn sé an t-am seo den bhliain. 

Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais libh ar ball beag. 

6 comments:

Indrek said...

Amhrán an-álainn atá ann, a Áine. Guím gach sonas ort féin agus beidh mé ag tnúth le tuilleadh blagmhíreanna uait an bhliain seo chugainn!

Néidí said...

Ar fheabhas.

Nollaig Shona

Míshásta said...

Nollaig Shona dhuit a Áine

ormondo said...

Nollaig shona dhuit, a chara.

Unknown said...

Amhrán an-álainn é a Áine!

Ó agus Nollaig Shona dhuit! : )

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh!

Súil agam go bhfuil sibh ag baint suilt as na saoire, a chairde..:-)