Wednesday, November 20, 2013

Focail Féilire

Go dtaga ciall, chan aois.

The trick is growing up without growing old.

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla  ó Casey Stengel, agus tá tuilleadh athfhriotal uaidh le léamh anseo

Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, mar a leanas:

Lá níos aosta, lá níos measa. (Aois)

Ceangal do chiall is cuir srian le do theanga. (Caint)

Is fearr ciall ná cuid. (Ciall)

Níl amadán ar bith gan a chiall féin. (Ciall)

Ní dhearna croí agus ciall cuingir mhaith riamh. (Comórtas)

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

arra, ní thig ciall roimh aois, a deir siad, agus seo mé ag fanacht go fóill

Mise Áine said...

Beidh easpa céille agus neart aoise orainn le chéile, a chara..;-)

Indrek said...

Go bhfana muid inár bpáistí go deo gan a bheith páistiúil!

Mise Áine said...

Is maith liom é, a Indrek - maith thú!