Friday, November 8, 2013

Féile Na Nollag

Le cúpla seachtain anuas, bhí Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le lucht Ros na Rún, ar thóir amhráin - amhrán nuachumtha a bhí uatha, amhrán don Nollaig, mar a scríobh mé cheana

Bhí an comórtas amhránaíochta á reáchtáil acu le hairgead a bhailiú d'ionad nua Pieta House i dTuaim, ionad a bheidh ag oscailt go luath. 

Saoire sa Spáinn, agus €300, na duaiseanna a bhí le buachan, agus bhí deich n-amhrán san iomaíocht do na duaiseanna sin:

An Chéad Nollaig le Bairbre Ní Ghríofa, Sí an Nollaig Í le Feargal Ó Béarra, An Nollaig le Dara Ó Fatharta, An Nollaig Álainn Ó le Bairbre Uí Mhaolchiaráin, An Nollaig Mar Atá le Máirín Ní Dhomhnaill, Óiche Nollag i gConamara le Josie Mac Donncha, An Nollaig le Máirín Uí Fhlatharta, Oíche Nollag Mhór le Ellen Ní Chualáin, Nollaig le Pádraig Ó Maolaoidh, agus m'amhrán féin, Féile Na Nollag. 

Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, seachas scéal an ghamhna bhuí, mar a déarfá, nach mé féin a bhain an comórtas, le m'amhrán Féile na Nollag, mar a fheicfidh sibh anseo. Clann Uí Mhaoileáin (Lorna, Laine, agus Eoghan, ón Aird Mhór/Bearna i gConamara) a chas an t-amhrán dom, agus is iad a bheidh á chasadh ag an gceolchoirm mhór i nGaillimh ar an 28 Samhain, áit a mbeidh lucht Ros na Rún agus Brian Kennedy i mbun siamsaíochta leo, ar mhaithe leis an gcarthanacht, Pieta House i dTuaim. Is féidir ticéid don cheolchoirm a cheannach i siopaí áitiúla, ar fud na Gaillimhe. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na moltóirí, Máire Pheter Uí Dhroighneáin (Ros na Rún), Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers) agus Colm Mac Séalaigh (Na Fíréin), agus leo siúd i Ros na Rún agus i Raidió na Gaeltachta, as an deis seo a thabhairt domsa, agus do Chlann Uí Mhaoileáin, bheith páirteach sa cheolchoirm iontach seo - maith sibh uilig! 

Feicfidh mé ann sibh, a chairde.


15 comments:

Anonymous said...

Comhghairdeachas! Dea-smaoineamh an comórtas sin.

aonghus said...

Dearna libh!

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh, a fheara!

Réaltán Ní Leannáin said...

:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

mmmm...díreach ag rá an rud atá in intinn gach duine eile...saoire sa Spáinn? Déan an pas a fhuáil isteach sa chóta agat sula dtéann tú. Nó sárghléáil leis an sparán. Nó...

ormondo said...

Go maire tú é! Cá mbeidh do thriall sa Spáinn?

Mise Áine said...

@ Réaltán

Ní fhágfaidh mo phas nua as mo ghlaic arís go brách, is cuma cá mbeidh mo thriall..:-)

@ Ormondo

Thug mé uaim na duaiseanna, a chara - tá an tsaoire anois ag an bhfeachtas Katie Born To Run, agus beidh €150 ag dul chuig Pieta House, agus €150 ag dul chuig an gcarthanacht Bóthar. Ar scáth a chéile..:-)

Mise Áine said...

Gabh mo leithscéal, a Réaltán, ach 'ní fhágfaidh 'mé' mo phas nua as mo ghlaic...' ba chóir a bheith scríofa agam ansin thuas - is léir go gcaillim focla leis an éascaíocht chéanna!

Anonymous said...

Comhgháirdeachas ar do amhráin nua a chara! Faraoir ní raibh mé ag an Oireachtas ach tá súil agam é a chloisteáil i nGaillimh. Bainim an-taithneamh as Rámhaile, buíochas as do scríbhíní.

Nuala

Mise Áine said...

Tá fáilte romhat, a Nuala, agus go raibh maith agat féin!

Beidh an cheolchoirm ar siúl, i nGaillimh, ar an 28 Samhain, i Séipéal San Nioclás ag 8pm (sonraí thuas ag an nasc aibhsithe i ngorm 'ag an gceolchoirm mhór i nGaillimh') áit a mbeidh Clann Uí Mhaoileáin ag casadh m'amhráin nua, agus beidh, chomh fada agus is eol dom, an cheolchoirm á thaifeadadh ag TG4, agus á chraoladh ar Lá Nollag. Beidh lucht Ros na Rún agus Brian Kennedy ar an ardán, agus beidh chuile phingin ón gceolchoirm ag dul to Pieta House i dTuaim - giota faoin gceolchoirm le cur ar do bhlag féin, b'fhéidir..;-)

Indrek said...

Comhghairdeas leat, a Áine! Ba dheas an smaoineamh é na duaiseanna a thabhairt uait.

Mise Áine said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Indrek!

Tá sé go deas bheith in ann cuidiú le daoine eile, ó am go chéile; agus tá súil agam go n-éireoidh le Pieta House neart airgead a bhailiú ón gceolchoirm.

Ar ndóigh, murach lucht Ros na Rún, agus lucht Raidió na Gaeltachta, ní bheadh m'amhrán ná na duaiseanna ar fáil, agus táim iontach buíoch díobh as an deis seo a thabhairt domsa, agus do Chlann Uí Mhaoileáin, ár bpáirt a ghlacadh sna feachtais seo ..:-)

Anonymous said...

Bhí sé fógartha ar ár leathnach Facebook gan mhoill! Neart caife ólta ar maidin so bhí muid brea airdeallach inniú. Ag súil go mór leis an gceolchoirm...

Mise Áine said...

Iontach, a Nuala - maith sibh!

Feicfidh mé ann thú..:-)