Wednesday, November 6, 2013

Oireachtas na Samhna 2013 - An Chúirt Filíochta

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, ón méid a scríobh mé cheana, is ócáid bhliantúil í Cúirt Filíochta an Oireachtais anois, agus, mar a fheicfidh sibh ón ngrianghraf thuas, bhí scaifte maith d'fhilí na tíre páirteach i mbliana. Ó chlé, 

Mise, Seán Ó Muireagáin, Concubhar Ó Liatháin, Airt Ó Maolfeabhail, Marcas MacConghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Mícheál Ó Ruairc, Máire Burns, Stiofán Ó Direáin, Betsy Ní Shuibhne, Pádraig MacFhearghusa, Bríd Ní Mhoráin, Paddy Bushe, Proinsias Mac a'Bhaird agus Pádraig Ó Laighin. 

Cé gur aithris Joe Steve Ó Neachtain agus Eoin P Ó Murchú (iomaitheoir ar an gclár An Gaeilgeoir is Greannmhaire) ag an gCúirt Filíochta, ní raibh siad i láthair don ghrianghraf, faraor, ach bhí siad linn, go deimhin. Ní raibh sí i láthair, ach chuir an file, Sylvia Bledow, dán ar fáil don Chúirt Filíochta - go raibh míle maith agat, a chara na Cúirte! 

Cléireach na Cúirte an jab a bhí agamsa, ach ba é an Sirriam Gníomhach é féin, Proinsias Mac a'Bhaird, a d'eagraigh an ócáid, a sheol a Bharántas chuig na filí éagsúla; agus ba eisean a bhí i mbun teicneoireachta ar an lá. Go deimhin, is eisean a rinne formhór na hoibre don ócáid, agus a chinntigh go raibh gach rud i gceart ar an láthair - go raibh céad míle maith agat, a Phroinsias! 

A bhuí le hurraíocht ó Foras na Gaeilge, bhí greim bia agus deoch le fáil againn théis na Cúirte, rud a thug deis dúinn uilig aithne, nó athaithne, a chur ar a chéile, agus ar an lucht éisteachta - bhí an-scaifte acu sin i láthair, agus chuir siad go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá - go raibh maith agaibh, a chairde na Cúirte! 

Tá An Chúirt Filíochta ag dul i dtreis agus ag neartú chuile bhliain - filí nua agus filí aitheanta ag teacht le chéile, os comhair na Cúirte, lena ndánta a roinnt le chéile, agus leis an lucht éisteachta. Táim buíoch de chuile dhuine - Proinsias Mac a'Bhaird, Foras na Gaeilge, foireann Oireachtas na Gaeilge -  na daoine sin a dhéanann cinnte de go bhfuil ardán ann dár leithéidí - maith sibh uilig!

No comments: