Wednesday, October 23, 2013

Rac is Roll?

Ó am go chéile, feicim rudaí, ahem, le súil eile. Tarlaíonn sé sin dom, ó am go chéile, mar is eol daoibh, sibhse a léann an blag seo go rialta. Níl leigheas air, a chairde...níl ann ach giota ealaíne; amharcealaín, b'fhéidir.  

Pé scéal é, chonaic mé an Rock 'n Roller sin thuas, píosa soir an bóthar ón teach anseo, an lá cheana. Cén Ghaeilge atá ar Rock 'n Roll, meas tú, arsa mé féin liom féin? Bhuel, tá nathanna cainte dá leithéidí le feiceáil ar shuíomh Pota Focal anseo, agus ar shuíomh foclóir.ie anseo, agus ar shuíomh focal.ie anseo

Bígí ag damhsa, a léitheoirí, agus bainigí sult as an saol! Mo chuimhne, meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'Rock On!..?

5 comments:

ormondo said...

Ós rud é go bhfuil cuma sách seargtha air, déarfainn gur duine den seandream é, gan amhras, a bhíodh á lot le drugaí agus a leithéid. Ach bhí siad ní b'ionraice ar dhóigh éigin ná lucht an airgid mhóir.

Ritheann sé liom anois nár chualathas trácht ar Keith Richards le fada...

Indrek said...

Sea, caithfidh muid coinneáil leis, nach gcaithfidh? Dea-shampla dúinn uilig é "Keith" sa bpictiúr!

Mise Áine said...

M'anam, ach sé Keith an fear a rith liom féin nuair a casadh mo dhuine orm, a chairde..;-)

Agus, fáilte isteach, a Indrek..:-)

Indrek said...

Go raibh maith agat, a Aine! Is breá liom do bhlag.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Indrek!

Déanaim mo dhícheall, i gcónaí...nó, b'fhéidir, mo dhíth céille, in amanna..:-)