Wednesday, October 9, 2013

Gnóthaí Eachtracha

Ní cuimhin liom cé a thug an t-aingeal atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas dom, ach tá a fhios agam go bhfuair mé é, mar bhronntanas, nuair a bhogamar isteach i gCeann Scríbe, roinnt blianta ó shin. 

Ó am go chéile, nuair a bhíonn duine ar m'aithne tinn, nó buartha, nó imníoch, nó fiú má airím go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó dhuine éigin, tá sé de nós agam coinneal a lasadh, agus í a choinneáil ar an mbord sa chistin, sa chaoi, nuair a fheicim an choinneal, go gcuireann sí na daoine áirithe sin i gcuimhne dom, agus seolaim smaointe dearfacha ina dtreo.

Anois, ní gníomh reiligiúnach é - mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím amhrasach faoi na reiligiúin éagsúla, ó am go chéile - agus níl a fhios agam an fiú a dhath mo dhearfacht, ach cuidíonn an gníomh liomsa, is dócha, mar go mbím ag súil go gcuideoidh mo smaointe dearfacha leis an duine lena bhfuil an saol ag caitheamh go dona, más féidir é ar chor ar bith. 

Cé nach féidir liom a rá, le cinnteacht ná le dearfacht, go bhfuil nó nach bhfuil cumhacht eachtrach éigin ag seoladh m'fhuinnimh dhearfaigh chuig an duine ar leith atá i mo smaointe ag an am, mothaím go bhfuilim ag tacú leis nó léi, bíodh mé ceart nó mícheart. Sin mise. Gach duine ar a bhealach féin, a léitheoirí. 

An tseachtain seo caite, agus mé féin i gcruachás sa Spáinn, níl a fhios agam céard a dhéanfainn gan na daoine, thall agus abhus, a chuidigh liom in am mo ghátair; mo chara dhil, a thaistil liom, mo chairde thall, agus An Garraíodóir; ach go mór mór, táim fíor-bhuíoch do na daoine iontacha sin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo in Éirinn. 

Ach, mo bhuíochas ar leith, mo bhuíochas ó chroí, chuig an gconsal, Caoimhe Ní Chonchúir, in Ambasáid na hÉireann i Maidrid, agus chuig a comhghleacaithe ansin. Rinne siad uilig a ndualgas, agus i bhfad níos mó ná sin, sa chaoi ar thacaigh siad liom, le tuiscint agus le meas. Go raibh céad míle maith agaibh, a dhaoine uaisle. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar bhur gcineáltas. 

Níl a fhios agam cá mbeadh aon duine againn gan ár gcuiditheoirí, a léitheoirí, bíodh siad thall nó abhus, bíodh siad anseo nó ansiúd. Tá siad thart orainn, agus beidh siad ansin, nuair a theastaíonn siad uainn. Nár laga a gCé iad. 

5 comments:

stwidgie said...

Tagann an tacú i ngach dath, gach saghas, gach blas. Ag caitheamh súil siar anois ar na daoine a chuidigh liom.
Tá áthas orm gur aimsigh tú cabhair agus tú sa Spáinn; tá smaointe dearfacha á seoladh i do threo.

stwidgie said...

Tagann an tacú i ngach dath, gach saghas, gach blas. Ag caitheamh súil siar anois ar na daoine a chuidigh liom.
Tá áthas orm gur aimsigh tú cabhair agus tú sa Spáinn; tá smaointe dearfacha á seoladh i do threo.

aonghus said...

Is maith liom gur tháinig tú slán as an ngátar!

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh, a chairde!

Áthas orm bheith ar ais i mo thírín álainn féin, fiú agus an bháisteach do mo bheannú anseo ar maidin..:-)

ormondo said...

Tromluí gach taistealaí, ach tá áthas orm gur cuireadh ina cheart arís duit é.