Sunday, May 12, 2013

Miotaseolaíocht

Tá foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir leabhair eile, mar is minic liom.

Pé scéal é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh anseo, mura miste libh.

Faoin gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,

'To make a woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the apron.'

Rith sé liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.

Maidir le Egg Shells, scríobhadh,

'Egg shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'

Cén dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?

Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,

'A common disguise of the devil; he should always be killed.'

Glacaim leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’ sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.  
Mo chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,

'Stories about the saints have been kept out as much as possible because they do not belong in a book on mythology.'

Chloisfeá ‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin. 

7 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

iontach maith, iad ar fad! Ach buaileann sé liom gur beag náprún atá sa teach s'agamsa ar chor ar bith!

aonghus said...

Shílfeá gur pisreoga seachas miotais atá faoi chaibidil ag mo dhuine?

Dennis King said...

An miotaseolaíocht atá ann den chuid is mó, nó béaloideas? Is maith liom na samplaí a thogh tú, pé scéal é.

Mise Áine said...

Féach an méid ata scríofa ag an suíomh seo thíos:

http://classiclit.about.com/cs/10th14thcentury/a/aa_definemyth.htm

Irish Mythology ainm an leabhair as a bhfuair mé na giotaí atá sa mhír sin thuas agam.

Fuair mé bronntanas inné - leabhar eile! - 'The Lore of Ireland...An Encyclopaedia of Myth, Legend and Romance' le Dáithí Ó hÓgáin, agus tá sé scríofa sa bhrollach, mar a leanas:

'This book is intended as a reference work for all those with an interest in Irish folklore and traditional literature...'

Miotaseolaíocht? Béaloideas? Pisreoga? Hmmm...

Anonymous said...

An-deas! Beidh orm an leabhar a lorg. Bhí cumhachtaí aite ag an naprún go deimhin! Is cuimhin liom scéal as Uíbh Rathach: cheannaigh mairnéalach blogam bainne ó chailín díolta an bhainne, agus thriomaigh sé a bhéal le ciumhais a naprúin. Nuair a d'imigh sé, léim an cailín den ardán ar a raibh sí, agus lean sí é isteach i dteach tábhairne. Ní rabhthas in ann an bhean a scarúint ón mairnéalach. Rith duine gaolta leis an mbean ina diaidh, ghearr téada an naprúin gur chaith sé é isteach i dtine na cistine. Tháinig an bhean chuici féin, agus d'éalaigh sí.
Ar ndóigh, sílim go seasann an naprún mar shiombail don "aontíos" sna scéalta seo.

Néidí said...

Is álainn an radharc é, síoga ag seoltóireacht.

Mise Áine said...

@ an naprún mar shiombail

Scéal deas, a Lawrence, go raibh maith agat. Cheapfainn gur iomaí rud a dúradh faoi aprúin, thar na blianta..;-)

@ Néidí

Aontaím..:-)