Friday, March 15, 2013

Mianta le Srianta

Tá mé ag iarraidh ceann acu seo a cheannacht. Tá sé ar mo liosta 'Mianta'. Liosta fada atá ann, mar a thuigfeá, liosta atá ag dul chun síneadh le laethanta an earraigh, ach, mar a deir an seanfhocal, caithfidh duine seoladh leis an ngaoth a bhíos aige

Ní hé go dteastaíonn carr nua uaim, an dtuigeann sibh, mar tá carr-nach-bhfuil-leath-chomh-cumasach-ach-déanfaidh-sé agam cheana, ach ba mhian liom ceann de na carranna sin thuastaifeadta a bheith agam, le go mbeadh giota spraoi agam leis.

Samhlaigh, a léitheoirí, an chraic a bheadh agam agus mé, abair, istigh san ollmhargadh, ag breathnú amach ar m'Audi nua, agus é ag tiomáint leis féin, timpeall an charrchlóis. Ní cheannóinn faic san ollmhargadh, ar ndóigh, mar ní bheadh pingin rua fanta i mo phóca ag an gcarr nua, ach ba chuma. Bheadh an-chraic go deo agam. Mar a deir an seanfhocal eile, is furasta óinseach a chur ag gáirí

An méid sin ráite, maireann croí éadrom i bhfad, agus níor tháinig olc as gáire riamh. Ach, ná déan dearmad den seanfhocal eile, nuair is fearr an spóirt is ea is fearr ligean dó

Ah bhuel...


2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

chonaic mé é seo ar Top Gear. Ní oibríonn sé chomh maith agus a mhaíonn siad, ach is céim chun tosaigh é! Ceann de na fáthanna go bhfuil cairrín beag aosta agam féin ná go bhfuil sé furasta é a pháirceáil (níl m'intinn ró-iontach sa chearnóg sin)

Mise Áine said...

@ Ní oibríonn sé chomh maith agus a mhaíonn siad

Chreidfinn é sin, go deimhin..:-)