Friday, February 15, 2013

Neadió Teilifís Áine

Neadaithe sna crainnte ar chúl an tí, anseo i gCeann Scríbe, tá ár dteachín éan. Mar a scríobh mé anuraidh, tá ceamara infridhearg istigh ann, agus tá an ceamara sin ceangailte againn le teilifís na cistine.
Sin thuas an radharc atá agam ón gcistin, agus mé ag breathnú amach ar an teachín éan.
Le lá nó dhó, tá meantán gorm ag teacht agus ag imeacht ón teachín, agus sin thuas é féin, díreach sula ndeachaigh sé isteach sa teachín éan, ar maidin. 
Sin thuas an radharc ón teilifís sa chistín. Tá sé istigh sa teachín éan anois. Díreach mar a tharla anuraidh, thosaigh sé ag breathnú timpeall na háite, agus ansin thosaigh sé ag breathnú amach trí dhoras an tí, amhail is go raibh sé ag fanacht le rud éigin...nó lena pháirtí, b'fhéidir, arsa mé féin liom féin. 
Agus, sin thuas í, agus í ina suí ar an gcrann taobh amuigh den teachín, gan an chuma ar an scéal go bhfuil aon deifir uirthi suíomh nua neide a fheiceáil ar chor ar bith! Ach, tá sé luath go leor fós, a léitheoirí, agus tá foighid agamsa. Seans go bhfuil an fhoighid chéanna ag éan an tí. Beidh le feiceáil...

6 comments:

Anonymous said...

Tá súil a'm go ndéanfaidh sí an nead. Tá mé ag smaoineamh ar theachín éanlaithe a dhéanamh le fuinneoig mar cheann des na taobhanna (ar nós an ceann seo http://www.amazon.com/Looker-Products-Window-Bird-House/dp/B000FLVNEQ). Ach níl mé cinnte go meallfaidh sí na héanacha i ndáiríre. Thaitneodh sé leis na gasúir áfach.

Unknown said...

A Áine, tá sin thar a bheith suimiúil. Thosaigh mé féin a scannanú na n-éanacha beaga ar chúl an tí anseo fosta. Bhí cara liom tar éis a rá go bhfaca sé teaichín den chineál sin a bhfuil ceamara taobh istigh dó....Beidh mé ag smaoineamh ar a mhacasamhail a cheannach agus a chur thuas go luath cionn is go dtugann sé pleisiúr as cuimse domh bheith ag amharc orthu. Comghairdeas ó chroí leat agus le Seoirse as an duais amhránaíochta a bhaint. Inis Eoghain abú. Pól Ó Muireasáin

Mise Áine said...

@ Tá súil a'm go ndéanfaidh sí an nead.

Mise freisin, a Lawrence!

Maidir leis an teachín éanlaithe sin a luaigh tú, níl a fhios agam aon cheo faoi, ach má bhaineann tú úsáid as ceann acu, tá súil agam go ndéanfar nead ann..:-)

@ Pól

Deas cloisteáil uait arís, a chara! Bainin féin an-sult as an gcraic uilig leis na héin, caithfidh mé a rá.

@ Comghairdeas

Go raibh míle maith agat!

John said...

Éad mór ormsa ag léamh tríd an mhír sin. Tá an pictiúir ó NTÁ chomh soiléir!

John said...

Éad mór ormsa ag léamh tríd an mhír sin. Tá an pictiúir ó NTÁ chomh soiléir!

Mise Áine said...

Tá na héin ag teacht agus ag imeacht chuile lá, a John. Níl aon chlár teilifíse chomh maith leo!

Tuilleadh uaim fúthu amach anseo.