Thursday, February 14, 2013

Lá Fhéile Vailintín


Ó tharla gurb é inniu an lá atá inniu ann, a léitheoir, chinn mé go dtabharfainn bláthanna duit:
Bain sult as an lá, agus, mar aon le chuile lá eile beo, tá súil agam go bhfuil grá agat le roinnt le duine éigin, agus grá aige/aici/acusan le roinnt leat féin.

Tháinig mé ar sheacláid na suirí sin thuas i siopa áitiúil inné, agus cheannaigh mé ceann acu don Gharraíodóir – tá faobhar ar a fhiacla chun na milseán, an dtuigeann sibh. Sea, tá sweet tooth aige, agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar fhear an tí ar an lá-seo-mór-le-rá-i-saol-na-mban, más fíor.

Tuilleadh eolais faoi sheacláidí baile as Inis Eoghain le léamh anseo, agus tuilleadh faoi Feabhra na bhFéilte ‘s na bhFeiseanna le léamh ó Róislín anseo. Giota ó Scott le léamh thall ar Meon Eile, freisin.  

2 comments:

Séamas Poncán said...

Is fearr cruth fóin phóca air ná cruth capaill, sa lá atá inniu ann...
GRMA as na bláthannna. Bíodh lá breá agaibh.

Mise Áine said...

@ cruth capaill

Deacair na capaill a sheachaint na laethanta seo - an fhadhb atá ann, ar ndóigh, ná nach fios cé as a dtagann siad..;-)

@lá breá

Gaofar agus fliuch anseo, ach níl aon sneacthta againn!Súil agam go bhfuil sibh uilig ceart go leor thall, a Shéamuis.