Friday, February 1, 2013

MED


Táim ag roinnt na scéalta seo a leanas libh, a chairde, mar eolas daoibh:

Lón sa Spéir

Chuala mé Seán Ó Cualáin, @fearCharna, ag caint le Ryan Tubridy ar an Late Late Show an tseachtain seo caite (giota atá le feiceáil anseo ar RTÉ Player, ag 29.11 nóiméad den chlár) agus bhí sé ag labhairt faoina scannán Lón sa Spéir/Men at Lunch; beidh an leagan Gaeilge den scannán le feiceáil san IFI anocht ag 18.30 (Cilian Fennell fear an tí) agus, arís, ar an 5 Feabhra. Mar atá léite agam ag bun an leathanaigh ar shuíomh sin RTÉten, beidh sé ar siúl in áiteanna eile ar fud na tíre, freisin. 

Focal Point

Chuala mé Manchán Magan ag labhairt ar an gclár Today with Pat Kenny ar an raidió an lá cheana, giota atá le cloisteáil ar cheann de na podchraoltaí anseo, faoin teideal Is the Irish Language On Life Support, agus bhí sé ag labhairt faoina dhráma dátheangach nua, Focal Point, dráma a bheidh ar siúl sa Project Arts Centre, ag tosú Dé Luain seo chugainn, an 4 Feabhra, agus ar siúl ar feadh seachtaine.  Tuilleadh eolais, agus ticéid, le fáil anseo

Gaelscéal Ar Scoil

Léigh mé alt i nGaelscéal na seachtaine seo, agus @gaelscealscoil thall ar Twitter, go bhfuil leathanaigh nua don bhunscoil acu sa pháipéar anois. Má ghlactar síntiús do scoilbhliain 2012/2013, tá IPAD le buachan, agus tá síntiúis ar phraghas speisialta ar fáil do scoileanna. Sonraí le fáil anseo

Cluichí an Ocrais

A bhuí le @dailyedge thall ar Twitter, a léigh mé faoin leagan Gaeilge den scannán gearr, The Hunger Games, nó Cluichí an Ocrais, mar a thug na scoláirí/aisteoirí ó Ghaelscoil Nás na Ríogh ar a scannán (le cabhair nach beag óna múinteoir, Lára Ní Dhonnchú, cheapfainn); tá sé le feiceáil ar youtube, anseo.

The Origins of the Irish

D’fhéadfadh sé go mbeadh suim agaibh sa méid atá le rá ag J.P. Mallory le Pat Kenny anseo (podchraoladh faoin teideal Book: The Origins of the Irish), faoina leabhar nua, The Origins of the Irish, leabhar atá le fáil ar shuíomh Easons ar €28.55, postas in aisce in Éire agus na RA, ceapaim; agus tá sé le fáil ar shuíomh Amazon ar $18.80, ach costas postais le híoc, ag brath ar d’ordú, más buan mo thuiscint.  

Féile Pan Cheilteach

Mar fhocal scoir, má bhíonn aon duine agaibh i gCeatharlach an tseachtain seo chugainn, b’fhéidir go bhfeicfinn ann sibh, go háirithe ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach ar an Déardaoin, 7 Feabhra, áit a mbeidh mé féin agus Seoirse lenár n-amhrán nuachumtha (focail uaimse, ceol agus gabháil fhoinn uaidhsean). Táim ag súil go mór leis na hamhráin Ghaeilge eile a chloisteáil, caithfidh mé a rá. Ticéid le fáil anseo





5 comments:

Néidí said...

Chuaigh mé chuig an scannán. Tà sé ar fheabhas. Faraor níor thuigeas go raibh dhá leagan ar fáil Agus chuaigh mé chuige I mbéarla inniu. Bhí ionadh orm béarla a cloisteail


Das an féidir mo bhlag a fheicéail anois?

Mise Áine said...

@ an féidir mo bhlag a fheicéail anois?

Faraor, ach ní féidir, a chara..:-(

Mise Áine said...

Néidí, an é Lón sa Spéir an scannán a bhí i mBéarla anocht? Shíl mé go gur i nGaeilge a bheadh sé...

Néidí said...

Níl a fhios agam fáil mo bhlag

Chonaic mé lón sa spêir is I mbéarla atá sé

Mise Áine said...

@ mo bhlag

Tosaigh ceann nua, a Néidí! Sin an rud a rinne mé féin nuair a chuaigh mo bhlag Mise Áine amú orm, taca an ama seo, cúpla bliain ó shin.

Maidir le Lón sa Spéir, shíl mé gur i nGaeilge a bheadh sé an oíche sin!