Saturday, February 2, 2013

Comórtas Filíochta


Chuala mé faoin gcomórtas filíochta seo, le déanaí. 

Is comórtas é a bhaineann leis an Galway University Hospitals Arts Trust, agus chinn mé na sonraí a roinnt leat, a léitheoir, mar cheap mé go mb’fhéidir gur mhaith leat dán nó dhó Gaeilge a sheoladh chucu.

Ní fhaca mé aon cheo scríofa, in aon áit, gur dánta Béarla amháin atá i gceist, agus seans go mbíonn Gaeilgeoirí sna waiting areas of the University College Hospital and Merlin Park Hospital’ chomh maith leis na Béarlóirí; áiteanna a mbeidh na dánta a roghnaítear le feiceáil, más buan mo thuiscint.  

Mar a scríobh mé cheana, is fiú iarracht a dhéanamh dán Gaeilge a scríobh, le go bhfaighfear toradh maith.

Pé scéal é, tá agat go dtí deireadh na míosa seo le do dhán/dhánta a sheoladh chuig Margaret Flannery, Arts Director an Galway University Hospitals Arts Trust.

Agus, tá agat go dtí an 8 Márta trí dhán eile, as Béarla nó as Gaeilge, dar leo, a sheoladh chuig an Galway Arts Centre, más mian leat cur isteach ar an gcomórtas filíochta atá á reáchtáil acu don Cúirt New Writing Prize

Go n-éirí go geal libh!

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

grma, a Áine as an scéal a scaipeadh

Mise Áine said...

Tá fáilte romhat, a chara!

Súil agam go bhfuil do dhán Gaeilge réidh le n-imeacht..;-)