Sunday, February 10, 2013

Comórtas na Sé Náisiún


Láithreoir na hócáide, Daithí Ó Sé

Ní dhéanfaidh mé scéal fada den dea-scéal, a léitheoirí, mar sin níl le rá agam libh anois ach go ndearna an t-amhránaí Seoirse Ó Dochartaigh, éacht oibre ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach i gCeatharlach oíche Déardaoin seo caite, agus bhain ár n-amhrán, Le Do Thaobh, an chéad duais sa chomórtas sin. Wúhúúúú!

 Seán Ó Sé, Daithí Ó Sé, David Wilkinson (IMRO), Mise Áine, Seoirse, Antoine Ó Coileáin (Gael Linn)

IMRO, i gcomhar le Gael Linn, a bhí i mbun urraíochta ar an gcomórtas, (go raibh céad MÍLE maith agaibh, a dhaoine uaisle!) agus b’iad Séan Ó Sé, Colm Mac Séalaigh agus Traic Ó Braonáin a bhí ar an bpainéal moltóireachta – mo bhuíochas ó chroí libhse, freisin, a fheara! Bhí jab iontach crua le déanamh acu, a léitheoirí, mar bhí caighdeán an-ard ag na hamhráin uilig, agus bheadh duais tuillte ag chuile amhrán beo acu, cheap mé féin. 

Cá raibh sibh, a Raidió na Gaeltachta agus TG4, am a raibh deis agaibh an tallann sin uilig a thaifeadadh? 

Daithí, Áine, Seoirse

Daithí Ó Sé a bhí ina fhear an tí. Níor casadh Daithí orm riamh roimhe, agus is fear iontach deas, dathúil cumasach é, a léitheoirí, caithfidh mé a rá - cé gur dóigh liom nach bhfuil bean ar bith atá á léamh seo anois nach raibh ar an eolas cheana faoin, ahem, dathúlacht sin. Ná fiafraigh díom cén comhrá a bhí agam leis, agus mé thuas ar an stáitse faoi agallamh aige, mar ní cuimhin liom! Tá fáth go dtugtar Rámhaille ar an mblag seo, an dtuigeann sibh.

Beidh mé féin agus Seoirse i gCeatharlach arís ar an 4ú Aibreán, am a mbeidh Seoirse, ar son na hÉireann, ag casadh Le Do Thaobh arís. Beidh an t-amhrán ag dul in iomaíocht leis na cúig náisiún Cheilteacha eile: An Mhanainn, Albain, An Bhriotáin, An Bhreatain Bheag agus Corn na Breataine; déanfar chuile iarracht ar an gcraobh ar leith sin a choinneáil sa tír seo, geallaim daoibh, a chairde.  

An méid sin ráite, guím gach rath ar na leaids a bheidh in iomaíocht sa gcraobh-eile-mór-le-rá inniu – Éire Abú!

Tuilleadh faoin bhFéile Pan Cheilteach le léamh anseo, a chairde, agus b’fhiú go mór súil a chaitheamh ar réimse leathan na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ann, ón 2ú - 7ú Aibreán, mar tá clár iontach curtha le chéile ag na coistí dúthrachtacha. 

Feicfidh mé ann sibh! 

13 comments:

Eoin Ó Riain said...

Go híontach! Ar bís leis an amhrán a cloisint!

aonghus said...

Treise libh!

Mise Áine said...

B'fhéidir ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín ar RnaG amárach, a Eoin, má éiríonn leis greim a fháil ar chóip..:-)

Mise Áine said...

@ Aonghus

Go raibh maith agat, a chara!

Máire Burns said...

Treise libh a Áine. Comhghairdeachas!

Míshásta said...

Comhghairdeachas.

Aon seans go mbeidh sé le clos ar Youtube?

ormondo said...

Comhghairdeachas libh!

Agus tá cur síos breá déanta agat ar na himeachtaí. Níor aimsigh mé aon cheo faoi ar Youtube ach b'fhéidir amach anseo. Tá súil agam go mbeidh na craoltóirí Gaelacha i láthair an chéad bhabhta eile.

Go raibh an t-ádh libh.

Mise Áine said...

@ Mhíshásta @ Ormondo

Go raibh maith agaibh, a fheara!

Beidh an t-amhrán, mé féin agus Seoirse, le cloisteáil ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ardthráthnóna, ar RnaG, tráthnóna amárach, Dé Luain.

Bhuel, sin an plean, pé scéal é..:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

maith sibh beirt, a Áine. Go maire sibh an bua agus go n-éirí libh ar an 4ú Aibreán

Sceolan said...

Comhgairdeachas
MNiTh

Mise Áine said...

@ Réaltán @ Sceolan

Go raibh maith agaibh!

John said...

Comhghairdeas ó chroí leat. An mbeifeá in ann físeán den amhrán a chur suas anseo b'fhéidir amach anseo?! ;)

Mise Áine said...

@ John

Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceadaithe fós, a chara, ó tharla an comórtas idirnáisiúnta fós romhainn.

Beidh le feiceáil, amach anseo. Idir an dá linn, cloisim an t-amhrán ar RnaG, ó am go chéile..:-)