Saturday, January 26, 2013

Focail Liom Focail Leat

Sa mhír seo, táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana.

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin a bhaint amach, nó litir sa bhreis a chur isteach, nó litir amháin a athrú; ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.

Bíoblag – suíomh idirlín cráifeach atá dírithe ar bhíobhaí. 

Mamadán – fear nach féidir leis bheith dílis d’aon bhean ach amháin dá mháthair féin.

Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí. 

Agus, cuirim fearadh na fáilte roimh an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Go n-éirí go geal leis!

9 comments:

aonghus said...

Go deas. Focal nua domhsa bíobhaí.

aonghus said...

Ach chím go raibh sé ag Dinneen

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Macadán (ó "mamadán") – mac mná nach bhfuil sásta mar go bhfuil sí pósta le mamadán ach a bhfuil súil aici go mbeidh a mac féín ina mhamadán. ;-)

Mise Áine said...

@ Aonghus @ bíobha

Chonaic mé féin é, den chéad uair, in WinGléacht, agus mé ar mo nós 'cumadh liom'..;-)

Meas tú an bhfuil nasc ar bith idir an 'bíob' sin san fhocal 'bíobla' agus 'bíobha'?

@ Ormondo @ macadán

Tá an focal sin againn cheana, go deimhin, ach is aoibhinn liom do shainmhíniú féin - an-chliste..:-)

aonghus said...

Caolseans

Bíobla < biblios (leabhair)

Tá bibdu i nDIL leis an ciall ciontach.

Réaltán Ní Leannáin said...

ag baint an-sult go deo as na focail seo uilig!

Dennis King said...

Tá admháil le déanamh agam: ní féidir liom “focail leat” a fheiceáil anseo gan “focáil leat” a chloisteáil i m'intinn bhrocach!

Mise Áine said...

@ Réaltán @ Dennis

Mise freisin..;-)