Friday, January 25, 2013

Brother ag Breathnú Ort?


Só, tá tú á léamh seo anois, agus tá do cheamara gréasáin os do chomhair. Is cuma leat, mar, gan cead uaitse, níl aon duine in ann tú a fheiceáil tríd an gceamara sin…nó an bhfuil?

Níl i gceist ach cúig nóiméad, a léitheoirí, ach mholfainn daoibh breathnú ar an bhfíseán seo, ón suíomh today.msnbc.msn.com, le go bhfeicfidh sibh céard a d’fhéadfadh bheith ag tarlú anois díreach, agus do ríomhaire oscailte agat…aon áit sa teach.

Ar eagla na heagla a roinnim an scéal seo libh. Go raibh sibh slán ó chontúirt, a chairde!  

3 comments:

Anonymous said...

“A Mhúirín, sciob leat láithreach an ríomhaire sin ón drisiúr ag bun na leapa, agus an ceann eile atá os cionn an fholcadáin.”

Néidí said...

Áine níor mhiste leat rá liom an féidir mo bhlag a fheicéail?

Mise Áine said...

@ Néidí

'Invited Readers Only' atá scríofa ar an leathanach a d'oscail, agus 'Permission Denied'

@ SeanO

..:-)