Wednesday, January 9, 2013

Focail Liom Focail Leat

Tharla sé, agus mé ag útamáil liom ar an idirlíon aréir, gur tháinig mé ar an eolas faoin Style Invitational - comórtas de shaghas a bhíonn ar siúl ar an Washington Post go seachtainiúil.  

Mar chuid de chomórtas amháin a bhí acu, d’iarr siad ar na léitheoirí focal amháin a phiocadh as an bhfoclóir, agus an focal sin a athrú, nó a athchóiriú, mar a leanas:

gan cead ag an léitheoir ach litir amháin a bhaint amach as an bhfocal sin, nó litir amháin sa bhreis a chur isteach san fhocal sin; nó litir amháin, atá san fhocal cheana, a athrú. Ansin, bhí sainmhíniú le tabhairt ar an bhfocal nua.

Seo thíos cúpla sampla d'fhocail a bhuaigh, cinn a chonaic mé sa Word Gallery anseo:

Giraffiti: Vandalism spray-painted very, very high

Intaxication: Euphoria at getting a refund from the IRS, which lasts until you realize it was your money to start with

Chinn mé, ar maidin, m’iarracht féin a dhéanamh, le focail as Gaeilge an geábh seo. Seo focal nuachumtha nó dhó uaimse:

Ispíon:  Giota muiceola, coicís i ndiaidh an dáta ‘b’fhearr roimh.’  

Eolifint: Duine a bhfuil an t-uafás eolais aige, eolas nach ndéanfaidh sé dearmad air go brách.

Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí. 

3 comments:

bradán feasa said...

B'fhéidir go bhfuil, b'fhéidir go won't nuair níl a fhios agat an rud ceart a dhéanamh.

April said...

Scríobhnáireacht- sin é an rud a tharlaíonns nuair a bhímse i do comments section le mo chuid drochGhaeilge! : )

Mise Áine said...

@ bradán feasa

Fáilte chuig an mblagsféar, a chara!

Chonaic mé an abairt sin cheana, áit éigin, agus tá sé greannmhar, gan dabht. É sin ráite, táim den bharúil gur 'focal' seachas 'abairt' atá i gceist sa mír thuas..:-)

@ April

Is maith liom é, mar fhocal - maith thú!

Ach, ní aontaím go dtarlaíonn sé leatsa, a chara..:-)