Friday, January 11, 2013

Neadió Teilifís Áine


“Wúhúúúúú!” arsa mé féin liom féin. Fáth m’áthais? Bhuel, bhí péire meantán gorm ag breathnú ar ár dteachín éan inné!

Tá sé luath go leor sa bhliain a leithéid a fheiceáil fós, mar atá léite agam anseo, ach is deas an rud na héin a fheiceáil, agus iad ag teachtóraíocht; más amhlaidh a bhí an péire úd a dhéanamh inné, ar ndóigh.

Pé scéal é, mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, tréigeadh an teachín anuraidh, cé go raibh nead tógtha ag meantán gorm álainn ann. Cibé rud a tharla di, níor fhill sí chuig an nead, agus bhí mé buartha, caithfidh mé a admháil, a léitheoirí.  

Níl a fhios agam an raibh spiorógSióg ciontach ina neamhfhilleadh, ach chinn mé ‘How can I stop my cat climbing up to my nestbox?’ a ghoogláil inniu - ar fhaitíos na bhfaitios, an dtuigeann sibh.

Fuair mé freagra ar shuíomh Bird Watch Ireland. Dar leo,

‘A good way to stop cats climbing up into nestboxes is to place barbed wire around the tree or post below the box, before the nesting season to prevent disturbance to the birds.’

“Hmmm…” arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go dtaitneodh a leithéid liomsa, ná le Sióg s’againne, go háirithe dá mbeadh baol ar bith ann go ngortódh sé é féin, mo chaitín soineanta.

Mar sin, lean mé orm go dtí an chéad mholadh eile uathu, agus, ahem, ar ór ná ar airgead, ní roinnfidh mé an dara moladh seo le Sióg,

‘Another deterrent is, of course, a dog.’

No comments: