Sunday, December 16, 2012

Spiorad na Féile


Seo chugainn arís é, am sosa ‘gus scíthe,
tráth ómóis na gcomharsan dá chéile,
cion agus cúram ag corraí i gcroíthe,
le ceiliúradh cuimhne ‘gus féile.

Tá amhráin á gcasadh faoi shíocháin, faoi ghrá,
roinneann pobal go carthanach croíúil,
bíonn cineáltas daonna ag méadú gach lá,
daoine a’ bronnadh ‘s’ag deonú go gnaíúil.

Tá áthas na bpáistí le brath ina spraoi,
a ngliondar ag borradh le dúil,
aoibhneas a n-óige ag soilsiú gach slí,
mar a dhéanann a soineantacht dúinn.

Tagann muintir abhaile, is cuairteoir chun tí,
déantar comhrá le strainséir go gaolmhar,
bíonn dea-thoil á fearadh sna fáiltí go maoth,
‘gus bíonn lámha á gcroitheadh go bríomhar.

Seo chugaibh mo bheannacht don domhan mór trí chéile,
is cuma cén creideamh, cén claon,
go maire an fhlaithiúlacht agus an fhéile,
mar a bhíonn siad an t-am seo den bhliain.  

6 comments:

TheBigMan said...

Mólaim thú, a bhean uasail. Tá síochan agus cáirdeachas a dhíth orainn.

Tá mé ag léamh leabhar íontach: The Unlikely Pilgrimage of Harold Fry, atá scríobhtha ag Rachel Joyce - foilsíodh é i mbliana (Doubleday). Muna bhfuil sé léite agat cheana (sp) féin ..."A magical, moving and uplifting tale about a man's journey across Britain and into his own heart" adeir Deborah Moggach.

aonghus said...

An bhail céanna ort!

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh!

@ The Unlikely Pilgrimage of Harold Fry

Tá sé ar mo liosta anois, a chara..:-)

John said...

Go hálainn ar fad, a Áine. Ní rabhas ag mothú go róNollaigiúil go dtí seo, ach tá mé anois... ;)

Mise Áine said...

@ John

Go raibh maith agat, a chara! Bain sult as an bhféile..:-)

Míshásta said...

Nollaig Shona Shíochánta, a Áine, a fhile.