Sunday, July 15, 2012

An Bille Gaeltachta i mBeagán Focal

Le tuiscint níos fearr a fháil ar an méid atá ag titim amach leis an mBille Gaeltachta faoi láthair, tá comhrá suimiúil le cloisteáil anseo. (24 nóiméad ach achoimre, thíos, ón láithreoir)

Podchraoladh ón gclár Today with Pat Kenny atá ann, clár ina raibh Donncha Ó hÉallaithe agus an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag labhairt faoin mbille, an tseachtain seo caite.

Seo achoimre ón láithreoir, Pat Kenny, faoin méid a bhí cloiste aige ón mbeirt fhear ar an gclár:

It seems that we have a difficulty here, two philosophies if you like. One is the one that you are proposing, Donncha, which, you say, is the realistic one: designate the areas where Irish is truly spoken and mind it…care for it, and make sure that, however few they are, that those people survive using Irish as their living language; and the Minister’s, which is, maybe, hoping that this current wave of optimism about the language that exists, particularly in the cities of the country, that that might, in some way, help to revive the language.” (17.45)

Ar ndóigh, dá mba mhian leat comhrá 24 nóiméad a dhéanamh níos gairide fós, d’fhéadfá éisteacht leis an méid a dúradh ag deireadh an agallaimh, idir 22.30 agus 23.58, le tuilleadh a fhoghlaim faoin scéal, le gastacht.

Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith an bille a choinneáil siar, ar feadh píosa, le cinntiú go ndéanfar an jab i gceart, ar mhaithe leis an teanga a choinneáil beo.  
  

5 comments:

aonghus said...

Táimse le Ó hÉallaithe ar an gceist. Ach is beag mo dhóchas. Ní raibh an Stáit riamh dáiríre faoi chaomhnú na Gaeltachta. Cuirfear airgead amú le maorlathas agus párlathas. Agus leanfaidh an síothlú.

Mise Áine said...

D'éist mé leis an agallamh cúpla uair, agus ba í argóint Uí Éallaithe an ceann ba láidre, cheap mé féin.

An n-éistfear leis, agus leis na saineolaithe? Beidh le feiceáil...

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Ní dóigh liom gur den scoil fealsúnachta Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil mar phriosabal aici gur fearr creideamh falsa agus bás sonasach ná fíoras searbh agus bá... (tá's agaibh!)

Mise Áine said...

Táim den bharúil go bhfuil na fíricí uilig léite agus feicthe ar an bhfear céanna, a Fhearghuis..:-)