Sunday, July 15, 2012

Súil Eile


Ó am go chéile, feicim nithe ar bhealach nach, ahem, bhfeicfeadh daoine eile iad, b’fhéidir, ach sin mar a bhím, agus diabhal neart agam air, a léitheoirí.

Pé scéal é, tá neart bláthanna ag fás i bpotaí againne anseo i gCeann Scríbe, os comhair an tí agus ar chúl an tí. Ar m’fhilleadh abhaile dom, lá amháin le déanaí, chonaic mé an bláth thuas, agus chuir sé rud éigin i gcuimhne dom; b’fhacthas dom go raibh rud éigin cosúil leis feicthe agam cheana, áit éigin, ach ní raibh mé cinnte cá bhfaca mé é.

Ar aon nós, chuaigh mé ag cartadh i mo chuid smaointe, agus tháinig mé ar an ngrianghraf thíos, ceann a thóg mé an mhí seo caite, agus mé amuigh ag súil i Swan Park.


Mura bhfuil, ahem, an ‘súil eile’ agat féin, a léitheoir, scaoil tharat an mhír seo, agus abair paidir don scríbhneoir.

Níl baint ar bith ag an mbeach thíos leis an scéal seo, ach chinn mé gur dheas an rud an grianghraf a roinnt libh, mar sin féin, le go bhfaighe sibh blás den áilleacht a fheicimse agus mé ag siúl i Swan Park.



2 comments:

John said...

Feicim é freisin, a chara! Agus táim cinnte go bhfeiceann na féileacáin féin é agus iad ag eitilt thart.

Mise Áine said...

Déarfaidh mé paidir don bheirt againn, a John..;-)