Sunday, June 17, 2012

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó, ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na nAithreacha.

Ar maidin, labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe fúthu a roinneamar lena chéile.

Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.  

Bainigí sult as an Lá.  

2 comments:

Anonymous said...

Glaonna agam ar maidin ó chian is ó chóngar, ó mhic is iníon ag guí Beannachtaí an Lae orm.

Mise Áine said...

Agus na glaonna tuillte agat, cheapfainn féin, a chara..:-)