Friday, June 15, 2012

Carnán ag Fás

Agus mé i nGaillimh an tseachtain seo caite, thit mé, ahem, de thimpiste, isteach i siopa leabhar Charlie Byrne. Bím ag titim mar sin, go minic, mar is eol do léitheoirí rialta na mblaganna.

Trí leabhar réchaite a cheannaigh mé, an geábh seo: péire acu a bhaineann le filíocht (€8), agus an tríú ceann, The Story Behind the Word, le Morton S. Freeman (€4); leabhar é sin a mheall an focalghráthóir seo mar, dar leis an mbrollach, go bhfuil sé ag ‘exploring the often romantic forebears and mysterious roots of words we take for granted and use – or misuse – every day.’ Tuilleadh uaim as an leabhar sin amach anseo.

An tseachtain seo, tháinig trí leabhar eile chugam as Meiriceá: bronntanas ó mo mháthair do mo lá breithe, tar éis domsa, ahem, neart leideanna a fhágáil le mo dheirfiúracha thall. Baineann leabhar amháin acu le filíocht, agus péire le gearrscéalta.

Pé scéal é, chinn mé ceann de na gearrscéalta a léamh aréir, as an leabhar Short Story Masterpieces: 35 Classic American and British Stories from the first half of the 20th century.

Baineadh gáire nó dhó asam agus mé ag léamh an scéil ‘Innocence’ ach, arsa mé féin liom féin, agus mé ag gáire liom, cén fáth gearrscéal leis an údar, An tUasal Seán Ó Faoláin, istigh i leabhar le 35 Classic American and British Stories, meas tú, fiú más Short Story Masterpiece féin é?

5 comments:

aonghus said...

Cén fáth an t-iontas. Gearrscéal le cainteoir dúchais Béarla i mBéarla. Cá háit eile a bheadh sé?

Mise Áine said...

Is dócha gurb é an rud a bhainfeadh mise as 'American and British' ná gur scríbhneoirí ó na tíortha sin a scríobh na scéalta, a Aonghuis.

Ar an gcaoi chéanna, bheinn ag súil le scéalta as Béarla i leabhar le 'Classic Irish Stories' ann, seachas 'Classic Stories In Irish' mar a déarfá.

An as Béarla nó as Gaeilge na scéalta sa leabhar seo meas tú?

aonghus said...

Scéalt ó Liam O'Flaherty, Arthur Conan Doyle, William Butler Yeats, Sarah Orne Jewett, George Moore, Frank Mathew, Samuel Lover, Bram Stoker, Katharine Tynan, Ellis N. Myles, Finley Peter Dunne, T. Crofton Croker, William Larminie, Lady Gregory, William M. Thackeray, Alexander Young, John McElgun, George A. Birmingham, Kate Douglas Wiggin

.... Tá rud éigin Irish faoi sin ceart go leor!

John said...

Ó airím Charlie Byrne's go mór liom, a Áine. Áit inar féidir leat leabhar-nach-raibh-tú-ag-súil-leis a cheannach ar phraghas-nach-raibh-tú-ag-súil-leis nuair is acmhainn duit uair nó dhó a chaitheamh ag útramáil timpeall idir seilfeanna 's boscaí. Go n-éirí an léamh leat.

Mise Áine said...

Chaithfinn lá iomlán ag útamáil istigh ann, a John, ach am a bheith agam é sin a dhéanamh..:-)