Tuesday, June 12, 2012

Focail Féilire

Ní dúirt mé gur ort atá an locht, ach go gcuirfinn an milleán ort.

Mo leagan féin den athfhriotal a léigh mé ar m’fhéilire inné:

'I didn’t say it was your fault, I said I was going to blame you.'

Ar fáth éigin, tháinig boic mhóra na Dála isteach i mo chloigeann, agus rith sé liom nach gcailleann polaiteoirí, is cuma cam nó ceart iad, a lucht tacaíochta riamh, feictear dom.

Ar ndóigh, b’fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach, pé scéal é, chum mé athfhriotal nua in ómós do chumas tacaíochta lucht leanúna na mboc mór, agus in ómós do chumas séanta na mboc mór iad féin:

Is cuma milleán nó locht, ní chuirfear boc as a riocht.

11 comments:

Dennis King said...

“as a riocht” (= distorted?) nó “as a ríocht”?

Mise Áine said...

As a riocht..:-)

Samplaí: Tháinig sé ina riocht féin arís/I riocht aingeal/Is olc an riocht a bhfuil sé ann/I riocht báis..srl.

Tá rím idir 'locht' agus 'riocht' nach mbeadh idir 'locht' agus 'ríocht' - i gcanúint Chonamara, pé scéal é!

Dennis King said...

He won't be undone?

aonghus said...

Mar a fheicimid abhus i gcás Mick Wallets. Is fearr liom an dara nath agat.

Mise Áine said...

@ Dennis

Sin mar a fheicim féin an scéal, go mion minic..:-)

@ Aonghus

Go raibh maith agat - ní raibh an 'Mick Wallets' sin feicthe agam roimhe seo..:-)

ormondo said...

Tá fiacha de 42,000,000 ag Micí Bándearg. Gan dabht, beidh gach ceann de na 13,300 votóir a thug a phríomhrogha dó sásta a fhiacha a ghlanadh - € 3,200 an duine.

B'fhéidir go mba chóir píonós dá leithéid a ghearradh orthu mar leigheas ar a neamh-loighic mhífhreagrach.

John said...

@beidh gach ceann de na 13,300 vótóir a thug a phríomhrogha dó sásta a fhiacha a ghlanadh...

Is mise ceann de na vótóirí sin, a ormondo, faraor. Agus caithim a admháil go bhfuil meas agam fós ar an bhfear mar dhuine agus mar pholaiteoir áitiúil. Sin ráite ní féidir le 'lawmakers' bheith ina 'law breakers' mar a dúirt an té a dúirt, agus sílim féin gur chóir dó éirí as a phost anois láithreach. Is í an easpa freagrachta an chúis is mó feirge sa tír seo i measc gnáthdhaoine i mo thuairimse, easpa freagrachta in gach aon réimse den saol, agus cé gur maith liom an fear ar bhonn pearsanta, ní mór dó imeacht...

aonghus said...

Ach nach raibh fios agaibh sular seas sé in aon chor nach raibh sé ag íoc billí le fochonraitheoirí? Ní nuacht a bhí ann go riabh a chomhlacht i ndrochchaoi?

Sin an rud nach dtuigim!

John said...

Bhí a fhios againn, a Aonghuis, go raibh fiacha le n-íoc aige... go leor fiacha... chuig na bancanna mar gheall ar an ngéarchéim. Ní dóigh liom gur drochrud é duine leis na fadhbanna sin a chur sa rialtas. Tugann sé peirspictíoch áirithe don áit. Agus bhí (agus tá fós) fearg ar mhuintir Loch Garman mar gheall ar na bancanna agus a gcaimiléireacht le linn an toghcháin. Is í an difríocht an uair seo, i mo thuairimse, ná gur chuir sé airgead i bhfolach ón Stát, i.e. muidne, agus caithfear píonós a chur air mar gheall ar sin.

DAS, feicim anois go bhfuil sé chun leath a thuarastail a thabhairt ar ais chuig an Stát. Ar ndóigh, is céim chun tosaigh é sin. Ach sílim go bhfuil an dochar déanta...

Mise Áine said...

@ sílim go bhfuil an dochar déanta...

Sin croí an scéil, i mo thuairim, a fheara.

error of judgement a thug sé féin ar an ngníomh a rinne sé, (agus chuirfinn geall nach é Mick an t-aon fostaitheoir atá á dhéanamh sin) ach an rud a chuireann iontas ormsa, go rialta, ná an meon peeofloinneach sin atá ag lucht an rachmais nuair nach féidir leo a thuiscint go ndéanann a n-error of judgements damáiste don phobal i gcoitinne, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

I ndeireadh na dála, is é an gnáthdhuine a bheas thíos leis mura bhfaighidh an rialtas an t-airgead a ba chóir dó a fháil.

Mise Áine said...

'an t-aon fhostaitheoir' - gabh mo leithscéal, a léitheoirí - an séimhiú ar iarraidh ón trácht sin thuas..:-)