Tuesday, May 1, 2012

Focail Liom Focail Leat

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Pat Kenny ar an raidió maidin inné, é ag labhairt le Micheál Martin faoin Sinn Féin/Fianna Fáil Merger Idea/Fiscal Compact.  

Ach, ní hé ábhar an chláir sin ábhar mo bhlagmhíre. Níl ann ach gur chuala mé na focail constructive ambiguity ag teacht as béal an láithreora, nath nach raibh cloiste agam cheana, agus bhí uaim tuilleadh eolais a fháil ar an nath sin.

Chuaigh mé go Wikipaedia, áit a bhfuair mé ‘Constructive ambiguity is often disparaged as fudging.’ Ní bheinn féin róchinnte nach fudging de shaghas atá ag tarlú agus duine i mbun éiginnteachta, bíodh an éiginnteacht sin cuiditheach nó ná bíodh, ach sin scéal eile.  

Ar aon nós, chuaigh mé ar thóir an fhocail faoiste i WinGléacht, agus is ionann faoiste agus fudge, agus is ionann faoiste fáiste agus nonsense. Níos suimiúla fós, bhí an focal faoistin istigh leis an bhfocal faoiste.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin.

Fuair mé greim ar fhoclóir Dinneen, agus, creid é nó ná creid, bhí leagan luath den fhocal faoistin ann, agus ba é faoiste an leagan sin.

6 comments:

aonghus said...

Faoiseamh na faoistine fírinne gan faoiste!

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Réaltán Ní Leannáin said...

wikipaedia? tá tú ró-léannta i d'ainneoin féin!

Mise Áine said...

Is maith liom é, a Aonghuis! An tú a chum?

Meas tú, a Réaltán..;-)

aonghus said...

Is mé, bunaithe ar na noid uait.

Mise Áine said...

Cliste, a chara..:-)