Sunday, April 29, 2012

Ó Chrann go Crann

Cuireadh mé ar an eolas faoin bhfíseán seo le déanaí, físeán ina bhfuil scéal beag, Ó Chrann go Crann, á aithris ag Mairéad Ní Mhaoinigh, ina teanga dhúchais.

Ní mhaireann an scéal ach beagán os cionn seacht nóiméad, agus más rud go bhfuil tú ag tógáil páistí le Gaeilge, chuirfinn geall leat go mbainfidh siadsan sult nach beag as an scéilín seo, agus go mbainfidh tusa tú féin, a léitheoir, sult ollmhór as canúint álainn an Chonallaigh.

2 comments:

aonghus said...

Go raibh maith agat as sin. Bhí an leabhar/feidhmchlár feicthe agam ar shuíomh an tSnáthaid Mhóir, ach ní raibh mé in ann teacht ar an leagan Gaeilge den físeáin.

Anois, ach iPad a bheith agam ... Treise le Andrew & Caitríona agus a saothair iontach.

Mise Áine said...

Fáilte romhat!

@ ach iPad a bheith agam

Tuigim do chás..:-)

@ Treise le Andrew & Caitríona agus a saothair iontach

Aontaím.