Monday, May 14, 2012

Dóchas


Bhí an ghrian mar chompánach agam agus mé ag siúl timpeall ar Eanach Mheáin agus ar Bhéal an Daingin maidin inné, ach ó tharla an bháisteach dár mbeannú go flúirseach anseo i mBun Cranncha ar maidin, rith sé liom go mb’fhéidir go dteastódh spreagadh dóchais sa bhreis ó dhuine ar lá mar seo.

Chun an aidhm sin a bhaint amach, fuair mé na seanfhocail dhóchasacha seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; le muid a choinneáil ag imeacht, a léitheoirí, go dtiocfaidh an ghrian ar ais, an dtuigeann sibh:

‘Tuar an mhaith is gheobhaidh tú í, tuar an t-olc is gheobhaidh tú é.’

‘Beidh lá fós a mbeidh Seán ina léine.’ (Séan s’againne?)

‘Bíonn luibh nó leigheas in aghaidh gach galair.’

‘Is annamh a thig trá gan lánteacht mara ina dhiaidh.’

‘Is beag an tslat nach bhfásann craobh uirthi.’

‘Is é dóchas lia gach anró.’

‘Is maith an nuaíocht a bheith gan drochnuaíocht.’

‘Ní daortha go breith an bhreithimh.’

‘Níl anfa nach n-íslíonn.’

‘Níor baineadh tada as an lá amáireach fós.’

Agus, an ceann is fearr liom féin:

‘Ar nós an tobair ghlé thrí chroí na leice, brúchtann an dóchas thrí chroí an duine.’

5 comments:

John said...

Ana-dheas. Lá gruama gránna an taobh seo mara chomh maith. Déanfaidh mé iarracht smaoineamh ar na focail sin...

aonghus said...

Ana dheas ar fad. An ceann deiridh ach go háirithe.

Dennis King said...

Tá muid beo i ndóchas.

Réaltán Ní Leannáin said...

go raibh maith agat as an ardú anama a thug tú domh ar maidin!

Mise Áine said...

An lá gruama go leor anseo inniu, freisin, a John.

@ An ceann deiridh ach go háirithe

Aontaím, a Aonghuis!

Iontach, a Dennis..:-)

Fáilte romhat, a Réaltán!