Tuesday, May 15, 2012

Nathanna Cainte


Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin. 

Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.

Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.

An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí, nó weeds, an dtuigeann sibh.

Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht, gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed

Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh, bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.

Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara, ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh

Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp. 

2 comments:

Dennis King said...

Cúpla ceann an-deas ar fad ina measc seo. Go raibh maith agat!

ormondo said...

Go deas ar fad. GRMA as torthaí do thaighde a chur ar fáil dúinn.