Monday, April 2, 2012

Smaointe Ag Rith

‘tis better to have to have loved and lost, than never to have loved at all.

Tharla sé gur léigh mé na línte sin thuas, ó Tennyson, arú inné, agus chuaigh mé ar mo mharana ar an ábhar iontu.

Meas tú, arsa mé féin liom féin, cé acu is fearr – an croí nárbh eol dó grá riamh, nó an croí atá cráite?

Tar éis an tsaoil, ní mhothófá uait an grá nach raibh ‘riamh’ agat, shílfeá, ach bheadh an croí cráite an-chrua ar dhuine, nach mbeadh?

8 comments:

Anonymous said...

Measaim féin gur fearr go mór dul sa seans agus tú féin a chur i mbaol an chroí bhriste ná fanacht choíche agus gan an gliondar, an draíocht agus an crá croí a bhraith. Go hiondúil, mura dtógann duine móta uime féin, leigheastar croí briste trí bhíthin bualadh le daoine nua.

Dennis King said...

Aontaím le Seán anseo.

Taitníonn an t-amhrán seo le Zachery Oberzan go mór liom:
"The Mess I'm In"
http://www.reverbnation.com/play_now/song_538912

Ní fhanann sí, ach tá an t-amhránaí in ann críochnú leis na focail seo mar sin féin:

“you who allowed this monkey to change
his answer to the hard question of,
haven't you ever fallen in love?”

Dennis King said...

Agus seo ceann eile daoibh, ó Bhuddy Holly.

Dennis King said...

Agus seo dearcadh eile, ó Yeats. Stopfaidh mé anois!

Mise Áine said...

@ 'leigheastar croí briste trí bhíthin bualadh le daoine nua'

Sin fíor, a Sheáin, ach ní bheadh croí briste ag an té nár fhulaing caill an ghrá riamh, mar nach bhfuair siad an grá sin 'if they never loved at all,' mar a déarfá, agus, dá bhrí sin, ní aireodh siad uatha, shílfeá, an 'gliondar' ná an 'draíocht' sin a luaigh tú, mar nár mhothaigh siad a leithéidí sa chéad áit!

Mise Áine said...

@ Dennis

D'éist mé leis na hamhráin, go raibh maith agat, agus is cosúil gur cluiche de shaghas atá sa 'titim i ngrá'..:-)

Is aoibhinn liom na línte seo ó Yeats:

' And who could play it well enough
If deaf and dumb and blind with love?
He that made this knows all the cost,
For he gave all his heart and lost.'

Rith an smaoineamh liom go mbeadh an té a never to have loved at all go hiomlán aineolach ar an cost sin...

ormondo said...

"Meas tú, arsa mé féin liom féin, cé acu is fearr – an croí nárbh eol dó grá riamh, nó an croí atá cráite?"

Nach bocht an croí nárbh eol dó grá riamh! Is fearr go deo croí cráite ná croí folamh mar, cibé faoin gcrá, níl leigheas ar an bhfolús.

Mise Áine said...

@ níl leigheas ar an bhfolús.

Tá sé sin fíor, a Fhearghuis, más eol don duine go bhfuil folús ina shaol, ar ndóigh!

Ach, tá an ceart agat, a chara - ba bhocht an croí nárbh eol dó grá riamh..:-)