Tuesday, April 24, 2012

Neadió Teilifís Áine

Bhí mé as baile le coicís anuas, gan An Garraíodóir liom, agus ar m’fhilleadh abhaile dom aréir, sé’n scéal a bhí aige dom ná nár fhill an meantán gorm, ó chonaic muid go deireanach í. Tá an nead tréigthe, is cosúil.


Ní thuigim céard a tharla dár n-éan álainn, ach feicim spioróg thart, ó am go chéile, agus b’fhéidir go raibh baint éigin aici sin leis an scéal. Séanann Sióg go raibh baint ná páirt aige féin leis an imeacht as amharc, ach an féidir a chrónán a thrust?

Dar leis an seanfhocal, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann, ach ní aontóinn leis sin, a léitheoirí. Fiú mura raibh sí linn ach seal, airím uaim í mo mheantáinín gorm.   

1 comment:

Dennis King said...

airím uaim í mo mheantáinín gorm

Tuigim duit.