Thursday, April 26, 2012

Focail Féilire

Cumhrán an aiféala bronntanas na sáimhe.

Mo leagan féin den athfhriotal ‘Apology is a lovely perfume; it can transform the clumsiest moment into a gracious gift.’ a chonaic mé anseo.

8 comments:

aonghus said...

Admhaím nár thuig mé gan an aistriú. Ach nílim in ann leagan níos fearr a mholadh. Is maith liom an smaoineamh.

Dennis King said...

Mar a dúirt Aonghus, is dócha go bhfuil an nath sin ró-ghonta. Ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh de.

Unknown said...

Ná laghdaigh brón le leithscéal.

Mise Áine said...

Is dóigh liom gur chloígh mé iomaraca leis an leagan Béarla seachas leis an teachtaireacht mar sin, a fheara, rud nach ndearna an duine gan ainm - an-iarracht, a chara, agus fáilte isteach!

aonghus said...

Ach nach a mhalairt a chuireann a leagan siúd in iúl?

Ritheann nath liom: Tá grásta san áit a mbíonn náire.

Mise Áine said...

@ Ach nach a mhalairt a chuireann a leagan siúd in iúl?

B'fhéidir é, agus b'fhéidir gurb é sin a bhí uaidh/uaithi..:-)

@ Tá grásta san áit a mbíonn náire.

An-jab, a chara - ach, an ionann 'náire' agus 'aiféala', meas tú?

aonghus said...

Ní mise a chum ná a cheap! Ní ionann, ach gan náire ní bhíonn aiféala.
Iarracht eile:
Níonn cumhrán iontach na haiféala bronntanas cuanna as míthapa amscaí.

Mise Áine said...

Níl locht agam ar an leagan sin, a Aonghuis, ach an rud a bhíonn uaim, go hiondúil, ná leagan níos giorra a aimsiú, más féidir é, ar chor ar bith.

@ gan náire ní bhíonn aiféala

An ceart agat, más náire dháiríre í,is dócha..:-)