Sunday, December 25, 2011

Beannacht

Beannachtaí an tséasúir uaimse chugaibhse, a léitheoirí.

Go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha.

Bainigí sult as na laethanta saoire, a chairde.

9 comments:

Darren J. said...

Nollaig Shona duit a Áine! Tá áthas orm go bhfuil tú ag postáil arís ar do blag!

Dennis King said...

Gurab amhlaidh duit, a Áine, agus fáilte ar ais!

ormondo said...

An tusa a chuma an bheannacht iontach sin?

Agus dála an scéil: gura amhlaidh duitse, a Áine.

aonghus said...

Áiméan!

Míshásta said...

Gloine puins Nollag im' ghlac fé láthair. Ardaím mo ghloine id' threo, a Áine, agus guím sláinte mhaith agus gach rath ortsa agus ar do mhuintir.

Lá na Boscadóireachta Sona dhuit.

Anonymous said...

Cad tá le rá ach ‘Go mba hé duit agus dod mhuintir’.

Póló said...

Go mba h é dhuit é, Áine.


Mise Áine said...

Go raibh míle maith agaibh, a fheara!

Sea, a Fhearghuis, is mé a chum..:-)

John said...

Athbhliain faoi mhaise duit, a Áine. Deas thú a fheiscint ar ais arís ar an sean-fhód.