Saturday, October 22, 2011

Slí na Fírinne

Seans go mbeidh cuid agaibh ann, a léitheoirí, nach mbeidh aithne agaibh ar Cathal O’Shannon, iriseoir agus scannánaí cumasach a fuair bás inniu.  

Agus mé i mo dhéaga, agus níos sine, aon uair a chloisinn glór Chathail ar an raidió, bhíodh sé de nós agam stopadh, agus éisteacht le cibé rud a bhíodh le rá aige.

Cén fáth?

Bhí Cathal O’Shannon ar dhuine de na daoine sin lena n-éistfeá, feictear dom, is cuma cén scéal a d’inseodh sé. Bhí bealach aige scéal a insint, cheap mé féin, le cneastacht agus le creideamh. Mar gheall air sin, chothódh sé mo shuim, fiú gan a fhios agam, roimh ré, cén t-ábhar ar a raibh sé ag dul a labhairt.

Daoibhse nár chuala Cathal ag labhairt cheana, b’fhiú daoibh breathnú ar an mbabhta sparraíochta seo, idir é féin agus Muhammad Ali. Tallann ar leith, tallann atá caillte againn inniu, faraor.

2 comments:

ormondo said...

Cathal O'Shannon, is deacair é a shamhlú.

Na daoine a bhíodh mar chuid de bhuncharraig an tsaoil againne agus sinn ag fás aníos, tá siad ag imeacht leo ina cheann agus ina cheann. Agus a lán díobh imithe cheana féin.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Mise Áine said...

@ tá siad ag imeacht leo ina cheann agus ina cheann

Toradh ár n-aoise, a Fhearghuis.