Monday, October 3, 2011

Focail Liom Focail Leat

Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le mí anuas. Glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail nó nathanna seo a leanas, más ann dóibh:

géarchéim fiachais – debt crisis
faoi choinneáil – in detention
breosla soladach – solid fuel
dabhach stórála – oil tank
scéim intéirneachta – internship scheme
cuideachta óstaigh – host company
beochlár – live register
socrúchán oibre – work placement
jabshocrú – job placement
ró-oifigiúlachas – red tape
príomhurra – main sponsor
déan rud/bheith in antráth – mistime/inopportune time
tá scaoll ar dhaoine – people are panicking
leithdháileadh – allocation
feidhmchlár frith-bhulaíochta – anti-bullying application
leatóir aoiligh – muck spreader (Ar an bhfeirm! J)
gníomh éachtach – tremendous feat
páiste éachtach – child prodigy
ciúineadas – stillness, calmness/silence
caismirtí – conflicts
claonroinnt – gerrymandering
leascheann feadhna – deputy leader (‘feadhain’ san ainmneach)
Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit – Offences against the State Act
ceannfháth – motivation
éigniú reachtúil – statutory rape
éigniú coinne – date-rape
éigniú droinge – gang rape
oil in úir – skeletons in the cupboard/closet
clú gan oil – unblemished reputation
cothromas diúltach – negative equity
caighean – cage
i measc an tslóigh – among the crowd
araid rothaí – wheelie bin
gabhdán athchúrsála – recycling container
an teileapaite – telepathy
Fírinne agus Athmhuintearas – Truth and Reconciliation
críochdheighilt – partition of territory
sciomarthóir gluaisteáin – car valet
Gníomhaireacht Náisiúnta na dTomhaltóirí – National Consumer
Agency
An tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais – Financial Stability Facility

5 comments:

aonghus said...

"oil in úir" thug mé suntas don gceann sin ag Colm Ó Broin. Tá's agam go raibh sé ag ransú an Dálach le déanaí.

Is meamraiméis cuid dá bhfuil thuas agat; cuid eile go deas. Bíonn sé deacair Gaeilge ghlé a chuir ar shofhriotal an Bhéarla.

aonghus said...

Ah, b'fhéidir gurbh uaidh Dinneen a fuair sé é. Eisean atá luaite i DIL pé scéal é.

ormondo said...

Ní raibh an focal "oil" agamsa ach an oiread.

Dála an scéil, nach breá gníomhach atá na leatóirí aoiligh faoi láthair!

An bhfuil baol ann go mbeidh "oil san áras" agaibh?

aonghus said...

Níl aoinne acu oilte chuige pé scéal é.

Mise Áine said...

@ oil in úir

Ní raibh an píosa sin as Dil léite agam, a Aonghuis, agus táim buíoch díot as m'aire a dhíriú air. Buille faoin thuairim a bhí sa leagan Béarla uaim, mar gur fheil sé, cheap mé.

@ Is meamraiméis cuid dá bhfuil thuas agat; cuid eile go deas...

Aontaím, ach is fiú bheith ar an eolas fúthu, mar sin féin. Bím ag foghlaim liom, agus mé á n-aistriú.

Mo chuimhne, ní raibh an focal sin 'meamraiméis' agam - grma!

@ nach breá gníomhach atá na leatóirí aoiligh faoi láthair

Thar a bheith gníomhach, a Fhearghuis..:-)