Tuesday, October 4, 2011

Moráltacht

Agus mé ag éisteacht leis an nuacht, le déanaí, chuala mé trácht ar an scéal seo, scéal faoi dhrugaí mídhleathacha a gabhadh in Éirinn, le déanaí. Dar leo, ‘492 packages were seized.’’ – bhí cobhsaitheoirí, méadaitheoirí, agus laghdaitheoirí mar chuid de na drugaí, is cosúil. 

Chuir an scéal sin scéal eile i gcuimhne dom, scéal a d'inis bean dom, níl sé i bhfad ó shin, faoin am, sna seascaidí, a mbíodh ar lánúin phósta coiscíní a ordú tríd an bpost, mar nach raibh aon bhealach eile acu theacht ar ábhar frithghinúna.

Bíodh an scéal sin fíor nó ná bíodh, ní dóigh liom gur in aon iris Éireannach a d’fheictí na fógraí óna gceannóidís na coiscíní, mar bhíodh greim docht daingean ag an Eaglais Chaitliceach ar na meáin, ag an am, agus ba í an eaglais chéanna a threoraigh moráltacht an phobail; formhór an ama, pé scéal é. Ceapaim.

Ar aon nós, dar le mo chara-inste-scéil, bhí bean phósta amháin, agus, ar ór ná ar airgead, nó ar fhaitíos na bhfaitíos roimh shagart agus roimh chomharsa, ní chuirfeadh sí a seoladh féin ar ordú na gcoiscíní. Chuir sí ainm a céile ar an ordú, agus seoladh na hoifige ina raibh sé ag obair.

Baineadh geit nach beag as an bhfear céile, seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, nuair a tháinig a rúnaí oifige ina threo, le pacáiste poist lán coiscíní, a d’oscail sí ní ba luaithe, ina glac aici,

Sorry, it wasn’t marked ‘Personal’’, ar sí, go dearg-ghnúiseach.

Agus mé ag meabhrú ar scéalta na bpacáistí, agus ar an scéal seo faoin amhránaí Rihanna, rith an smaoineamh liom: an é an easpa smachta ón eaglais a thugann saoirse do dhaoine a gcéadfaí a mheath, a mhaolú nó a mhéadú, mar is mian leo, nó an é go bhfuil na meáin ár dtreorú anois?

4 comments:

aonghus said...

Tá sé níos casta ná sin, sílim. B'é an locht is mó ar an gcléir ná go raibh siad soiléir faoi cad a bhí toirmiscthe, ach ní cén fáth. Ní thig le smacht mar sin bheith buan ná dearfach.

Rud a fhágann seafóid mar a luaigh tú thuas. Má bhí sé ceart go leor na coiscíní a fháil, bheadh sé ceart go leor iad a bheith seolta abhaile. (An fear bocht, dála an scéil)

Mise Áine said...

@ go raibh siad soiléir faoi cad a bhí toirmiscthe, ach ní cén fáth.

Seans go raibh an fhadbh chéanna ag an mbean a d'ordaigh na coiscíní, a Aonghuis.

Agus, aontaím leat maidir le 'smacht' - ní dóigh liom go bhfuil a dhath buan ná dearfach faoi smacht ar bith a théann thar fóir, nó thar fírinne.

@ Tá sé níos casta ná sin

Nach mbíonn i gcónaí!

SeanO said...

Agus mé ag freastal ar UCD mar fhochéimí, d’oibrínn gach samhradh i Sasana ag cannú barr talmhaíochta. Tráth agus mé fillte abhaile, chas mé isteach i dTeach Newman chun comhfhreagras de chuid chlub a raibh mé mar rúnaí air a fháil. Bhí beart sractha ag an doirseoir dom, méid bosca bróg ann agus ba léir nach raibh ann ach coiscíní. Dhiúltaigh mé glacadh leis agus b’in sin, dar liom. An lá dár gcionn, díreach tar éis béile an tráthnóna, tháinig beirt Gharda chun an tí. Isteach linn sa pharlús, mise, na Gardaí agus m’athair, ar ndóigh. Cíoradh an cheist, glacadh le ráiteas uaim, admhaíodh gur dhuine ‘de dhea-charachtar’ mé ach go raibh an dealramh ar an scéal go raibh cladhaire éigin i measc mo lucht aitheantais (agus tar éis dom mo mharana a dhéanamh ar an scéal, a fhios agam go rí-mhaith cérbh é, ach focal ní dúirt mé.) Agus, faoi dheireadh, b’in sin.

Mise Áine said...

Am soineanta a bhí ann, ar go leor bealaí, a Sheáin, ach chuirfeadh garda ag teacht chun tí faitíos an domhain ar dhuine an t-am sin, rud nach dtarlódh anois, cheapfainn.

Go raibh maith agat, a chara - bhain mé sult as an scéal sin uait..:-)