Monday, September 12, 2011

Uirlisí Usáideacha?

Sinéad O’Connor i Lios Dúin Bhearna i láthair na huaire. Tá sí ar thóir fir ann, más buan mo chuimhne ón agallamh a rinne sí ar an Late Late Show, le déanaí. (1:36:40)    

Ar aon nós, léigh mé a halt, faoina cuairt ar Lios Dúin Bhearna, san Sunday Independent inné, alt ina scríobh sí ‘I think I will call off the manhunt and instead update my vibrator collection.’ Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘vibrator’, a léitheoirí, ach roghnaigh mé an focal creathaire, bíodh mé ceart nó mícheart.

Rith an smaoineamh liom go bhfuil an saol ag athrú; go raibh am ann nuair nach labhródh fear ná bean, go poiblí pé scéal é, ar a leithéid de rud agus creathaire; nó, go deimhin, go mbeadh an uirlis sin luaite, beag ná mór, le Lios Dúin Bhearna. Ach, ansin chuimhnigh mé ar scéal a chuala mé, níl sé i bhfad ó shin, agus, más fíor an méid a dúradh liom, chuirfeadh sé iontas ort na nithe a d’fheicfeá i mála mná i Lios Dúin Bhearna.

De réir mar a chuala mé, bhí am ann, siar sna seascaidí, agus bhíodh na mná ag teacht as Meiriceá go Lios Dúin Bhearna ar thóir fear; iad gléasta go hálainn, lena ngruaig bouffant, agus lena málaí láimhe, lán smididh agus sprae gruaige. Ach, dar le cara liom, bhí bean amháin, agus bhí níos mó ná smideadh agus sprae ina mála aici.

Dar le mo chara-inste-scéil, bhí sí sa seomra leithris i halla damhsa i Lios Dúin Bhearna, oíche amháin thiar sna seascaidí, nuair a shiúil bean de na Meiriceánaigh thuasluaite isteach. Thosaigh sí ag athsmideadh, os comhair an scátháin ann, taobh le mo chara. Cé nach raibh aithne dá laghad acu ar a chéile, thosaigh comhrá eatarthu.

Agus iad ag caint faoi chraic na féile, chuaigh an Meiriceánach ar thóir a sprae gruaige ina mála, agus céard a chonaic mo chara istigh ina mála, ach gunna. Gunna beag, a léitheoirí, ach gunna mar sin féin. Ar ndóigh, mar a thuigfeá, baineadh geit nach beag as mo chara, agus lig sí béic bheag aisti, ar fheiceáil an gunna di. Níor chuir a geit ná a béicín isteach ná amach ar an Meiriceánach, bean a dúirt go neamhbhalbh,

‘You never know when you might need it.

6 comments:

Dennis King said...

Ní bheadh an bhean úd in ann a equalizer beag a thabhairt léi ar an eitleán inniu, ar ndóigh. Ach ní dóigh liom go bhfuil cosc ar chreathairí. Nach dul chun cinn é an méid seo?
;-)

Mise Áine said...

Níl a fhios agam faoi na creathairí, a Dennis, ach ní dóigh liom go n-éireoidh le haon duine gunna a thabhairt leo ar eitleán níos mó - tá súil agam!

@ Nach dul chun cinn é an méid seo?

Bhraithfeadh sé sin ar thuairim an úinéara, b'fhéidir..:-)

John said...

AGOA. Ar a laghad dá dtosnódh do chreathaire sa mhála trí thimpiste, d'fhéadfá a rá gur do ghuthán a bhí ann!

Sinéad bhocht. Andúileach conspóide.

Mise Áine said...

Ní dóigh liom go gcuireann conspóid isteach ná amach uirthi, a John. Feictear dom go bhfuil an bhean chéanna breá ábalta ag cibé conspóid a thagann ina treo.

Is maith liom go bhfuil féith an ghrinn le brath ar a cuid alt. Bainim sult as a leithéid, seachas bheith ag léamh ábhar na gcancrán an t-am ar fad..;-)

John said...

Hmmm... nílim cinnte go 'dtagann' conspóidí ina treo, ach b'fhéidir go gcruthaíonn sí féin an chonspóid go minic. Is aoibhinn liom a glór. B'fhearr liomsa go mbeadh sí níos 'glórmhaire' sa stiúideo ceoil agus gan a bheith chomh ghlórmhar sna nuachtáin.

Mise Áine said...

@ B'fhearr liomsa go mbeadh sí níos 'glórmhaire' sa stiúideo ceoil agus gan a bheith chomh ghlórmhar sna nuachtáin.

B'fhéidir gur féidir léi an dá thrá a fhreastal..:-)