Friday, September 16, 2011

An Uachtaránacht

Bíodh sé ina chamghaoth nó ina ghaoth mhór, ach tá an ghaoth, agus an teas, ag éirí faoi rás na huachtaránachta, feictear dom.

Beidh David Norris, fear a tharraing aird an domhain air féin, ach a d’imigh as an iomaíocht ní ba luaithe, beidh sé ar an Late Late Show anocht, agus táthar den bharúil go mbeidh sé ag teacht ar ais san iomaíocht.

Tá cluiche lúrapóg lárapóg á imirt ag Sinn Féin, agus ní bheidh a fhios againn, go dtí ar ball, an mbeidh Michelle, Mickey, nó Martin ag dul san iomaíocht, nó, an bhfuil duine éigin eile i bhfolach acu, áit éigin. Tá an páirtí féin ar an eolas, deirtear, ach caithfimis fanacht ar sceitheadh an rúin sin uathu.

Maidir le Fianna Fáil, nílim róchinnte an bhfuil cluiche folach bíog á imirt ag Mícheál Martin agus a chomhghleacaithe, ach anois is arís, feictear duine amháin, ansin feictear duine eile, agus anois, tá Labhrás á thaispeáint féin dá cheannaire. B’fhéidir nach bhfuil Mícheál bocht rómhaith ag coinneáil greama ar dhaoine ina pháirtí, nó, b’fhéidir nach bhfuil na rialacha uilig ar eolas ag an bpáirtí fós. Cé ag a bhfuil a fhios, mura bhfuil a fhios ag Mícheál é féin é.

Sa chúlra, agus iad ag obair leo go dícheallach, shílfeá, tá Gay Mitchell (Fine Gael), Michael D. Higgins (Lucht Oibre), Mary Davis (Neamhspleách) agus Seán Gallagher (Neamhspleách). An bhfuil an rás rite ag duine acu siúd cheana, meas tú, nó an bhfuil duine éigin eile le teacht isteach sa rás, fós? Beidh le feiceáil, a chairde.

Idir an dá linn, bainigí sult as an gcluiche, a léitheoirí.

3 comments:

aonghus said...

Sé an donais nach bhfuil aoinne san áireamh a mbeadh fonn orm iad a bheith ina urlabhraí ar son pobal na tíre, ná ina gcosantóir an an mbunreacht go gceann seacht nó b'fhéidir ceithre bliana déag eile.

Maidir leis an rás a bheith rite, níl sé ach ina thús.

ormondo said...

Nach bhfuil Big Ian san iomaíocht fós?

Má fhilleann Norris bhéadh sé cosúil le foireann a fhilleann ar an bpáirc imeartha tar éis di an cluiche a chailleadh cheana féin. Faraor.

Is dóigh liom, i ndeireadh an lae, go ndéanfadh Michael D. an dochar is lú agus tá an teanga aige san áireamh cé nach mbíonn tóir ar pholaiteoir ar scor a thuilleadh, ceapaim.

Mise Áine said...

@ níl sé ach ina thús.

Táim den bharúil go bhfuil an ceart agat, a Aonghuis.

@ Nach bhfuil Big Ian san iomaíocht fós?

Ní chuirfeadh a dhath iontas orm faoin am seo, a Fhearghuis..:-)