Thursday, September 15, 2011

An Coileach Codlatach

Sula bhfuair sí bás, bhí an leabhar ‘An Coileach Codlatach’ scríofa ag mo chara, Nuala. Bhí sé luaite aici liom, ó am go chéile, agus bhí sí ag dúil go mór lena fhoilsiú.

Anocht, Déardaoin, sa leabharlann ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus Dé Sathairn seo chugainn, i siopa leabhar Cúpla Focal i mBré, Co. Chill Mhantáin, seolfar a leabhar, An Coileach Codlatach; le Sorcha Ní Mhonacháin ar an gCeathrú Rua, agus le Bríd Ní Choincheanainn i mBré.

Futa Fata an teach foilsitheoireachta, agus guím gach rath orthu anocht, agus oíche Shathairn. Dar leo, beidh sólaistí deasa ar fáil d’óg agus d’aosta ag an dá ócáid, agus beidh fáilte ar leith roimh ghasúir.

Beidh fear céile Nuala, Pádraic Harvey, agus a hiníon, Iseult, go mór i mo smaointe anocht, mar a bheas a muintir uilig. Ach, is ar Nuala, ach go háirithe, a bheas mo smaointe, agus mo ríméad faoi fhoilsiú a leabhair, dírithe anocht.

Airím uaim í.

2 comments:

aonghus said...

I gceist agam féin bheith i láthair le'm iníon ar an Satharn.

Maidir leis na smaointe, Áiméan!

Néidí said...

Ainm álainn do leabhar,