Sunday, September 25, 2011

Fir -v- Mná

Mar a scríobh mé cheana, bhí Allan Pease ag labhairt faoi go leor rudaí ar an raidió an lá úd, ina measc, an difríocht atá ann idir inchinn na mban agus inchinn na bhfear, go háirithe nuair atá cumarsáid bhriathartha i gceist.

Is cosúil go bhfuil mná in ann labhairt agus éisteacht ag an am céanna, cé nach bhfuil fir in ann é sin a dhéanamh. Is féidir le fear labhairt, agus ansin éisteacht, ach ní féidir leis an dá rud a dhéanamh in éineacht. Mar gheall air sin, cruthaítear fadhbanna cumarsáide idir fhir agus mhná, mar a thuigfeá.

Más buan mo thuiscint, is maith leis an bhfear abairtí agus comhrá gonta, nuair atá barúil le roinnt, abair, agus ní thuigeann sé cén fáth nach féidir leis an mbean bheith amhlaidh. Dar le Allan Pease, bíonn sórt  what’s your point?’ le feiceáil go soiléir ar aghaidh an fhir, má bhíonn bean ag geabaireacht léi – cuireann geabaireacht na mban na fir soir, bíodh a fhios agaibh, a mhná, agus cuireann dreach dothuisceanach na bhfear na mná soir, bíodh a fhios agaibh, a fheara.

An méid sin ráite, is cuma fear nó bean ann, tá bréaga, nó easpa fírinne, iniata le 73% de chomhrá laethúil an duine, cé, seans, gur béasaíocht atá i gceist le formhór na mbréag sin; mar shampla, ‘tá do ghruaig go hálainn’, agus ‘is maith liom do sheaicéad’ á rá ag duine, is dócha. Fiú mura maith leo an ghruaig ná an seaicéad, b’fhearr le formhór na ndaoine an focal múinte, seachas an focal goilliúnach, a úsáid.

Meas tú an ionann é sin agus a rá gur ionann béasaíocht agus bréagadóireacht?

Pé scéal é, dá gcuirfeadh bean an cheist ar fhear ‘Céard do bharúil?’, agus í ag pramsáil thart ina gúna nua, nár thaitin leis, is fearr go bhfaigheadh sí freagra gonta, bréagach béasach, neamhghoilliúnach. Dá gcuirfeadh fear an cheist chéanna ‘Céard do bharúil?’ ar bhean, ní bheadh uaidh ach freagra gonta, is dócha.

Agus glacaigí uaimse é seo, a fheara, sé an ‘freagra gonta’ amháin a gheobhadh sé, dá mbeadh aon cheo fearacht dreach dothuisceanach, nó aoibh mharánta, ar a ghnúis. Cheapfainn féin.

5 comments:

Dennis King said...

“Pickering, why can't a woman be more like a man?”

Míshásta said...

"bréaga, nó easpa fírinne, iniata le 73% de chomhrá laethúil an duine"

Hhmmhh! deacair é sin a chreidúint. Cén bunús atá leis an staitistic sin?

Mise Áine said...

..:-) a Dennis.

@ Cén bunús atá leis an staitistic sin?

Níl a fhios agam, a Mhíshásta. Sé'n leagan Béarla uaidh ná 'We estimate that around 73% of all social conversation between human beings involve lies...' (24.07 ar an gclár). Ach, mar a dúirt sé ina dhiaidh sin, ní malicious lies atá i gceist.

John said...

Tá bréaga, nó easpa fírinne, iniata le 62.45% de staitisticí ;)

Ag caint faoi bharúla bréagacha/béasacha... tuigtear go maith an 'riail' sin sa mbaile. Faraor, níor thuig fear an gheata ag an gComórtas Treabhadóireachta an tseachtain seo caite. Nuair a thug mo mháthair (59) an fiche euro iontrála dó, thug sé ar ais di cúig euro sóinseáil agus ticéad 'OAP'. Tá sí ag clamhsán faoi fós!

Mise Áine said...

@ Tá bréaga, nó easpa fírinne, iniata le 62.45% de staitisticí ;)

ASG! M'anam, ach d'fhéadfá bheith ceart faoin méid sin, a John.

Do mháthair bhocht! Ach, le bheith dearfach faoin rud, bhí cúig euro sa bhreis aici ag dul abhaile..:-)