Monday, September 26, 2011

Banláidreacht

Ní raibh mé in ann theacht ar aon leagan Gaeilge de na scéalta seo a leanas, agus níor mhaith liom an lá a ligean tharam, gan na mná seo thíos a lua:

Mná na hEorpa, a bhuaigh The Solheim Cup sa ghalf, in Éirinn, ag an deireadh seachtaine.

Mná Chorcaí, a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i bPeil na mBan (TG4) inné.

Mná na hAraibe Sádaí, a fuair cead vótála, faoi dheireadh. Is fearr go deireanach ná go brách, is dócha, fiú más rud é go raibh ar na mná fanacht le cinneadh ón Rí Abdulladh, fear a chinn ‘that a study of Muslim history had shown that women were capable of rational thinking and decision making.’ Bhabha! An méid sin ráite, níl cead acu carr a thiomáint fós.

An bhfuil aon suíomh, ó na meáin Ghaeilge, ar a bhfuil scéalta reatha, fearacht na cinn thuasluaite, le fáil go rialta, a léitheoirí?

2 comments:

aonghus said...

Ceist mhaith.

Shílfeá go mbeadh rud éigin ag Nuacht24 nó Foinse, ach ní dóigh liom go raibh - fós.

Mise Áine said...

Ní fhaca mé a dhath faoi na scéalta sin, as Gaeilge, ar aon cheann de na suíomh atá ar mo liosta 'Na Meáin', a Aonghuis.