Monday, September 5, 2011

Ar Ais Arís...

…ach gnóthach!

Ceann de na laethanta seo, suífidh mé síos ag an ríomhaire, agus tosóidh mé ag léamh agus ag scríobh arís.

Idir an dá linn, ná lig don drochaimsir, ná do na drochscéalta, aon drochspion a chur oraibh, a chairde.

6 comments:

Néidí said...

Fáilte abhaile!

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Néidí.

John said...

Fáilte ar ais! Deas léamh uait arís.

aonghus said...

Fáilte ar ais. Bhí imní áirid ag teacht orm de bharr do thosta!

Dennis King said...

Ceann de na laethanta seo...

Táimid ag fanacht.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a John. Tá bhur mblaganna le léamh agam féin fós, agus beidh mé bord ar bhord ansin, a chara.

Is fearr tost gairid ná gleorán buan, b'fhéidir, a Aonghuis..;-)

Tá mo mhéara ag éirí mífhoighneach liom, a Dennis, agus mo smaointe ag rith ar fud na háite - ar thóir an mhéarchláir atá siad, ceapaim!

Beidh mé ar ais go luath..:-)