Wednesday, July 13, 2011

Marbh, nó Beo?

Muintir Uí Chordailíní – marbh, ach beo ar bhealach eile, b’fhéidir…


                                                                             WAG


Ag siúl leis an madra.


Ag caint leis an gcúpla.


Ag impí.


Ag bulaíocht...

8 comments:

Dennis King said...

Taismigh ón ngeimhreadh seo caite?

Mise Áine said...

Sea, go deimhin, a Dennis.

Tá go leor acu le feiceáil i ngarraí ar an mbóthar idir Bun Cranncha agus Doire.

aonghus said...

Cad iad go díreach? Crainn pailme éagtha? Cnuasach dheas agat díobh.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Aonghuis.

Is cordailíní iad.

Dubhaltach said...

Sin ar fheabhas ar fad! :)

Ar thóg tú na grianghraif seo, an-chliste

Mise Áine said...

Fáilte ar ais, a Dhubhaltaigh, agus go raibh maith agat!

Sea, is mé a thóg na grianghraif, a chara - sórt 'súil eile' atá agam, ó am go chéile, ar nithe an tsaoil...:-)

Dubhaltach said...

Tá an ceann "Ag bulaíocht" cuíosach scanrúil fiú! Ar fheabhas..., ach is é "Ag siúl leis an madra" an ceann is fearr liom. Ealaíon atá iontu.

Nár laga do Ché do shamhlaíocht go deo.

Mise Áine said...

Is maith le mo dhream anseo an ceann sin leis an madra, freisin - agus aontaím leat maidir leis an gceann sin 'Ag bulaíocht!'

An méid sin ráite, bhain an WAG gáire asam, nuair a casadh orm í...;-)