Monday, July 11, 2011

Focail Féilire

Más sásamh saoil atá uait, caithfidh tú é a shaothrú. Anois, bí ciúin! Tá siad ar tí uimhreacha an chrannchuir a fhógairt.


‘If you really want something in this life, you have to work for it. Now quiet! They are about to announce the lottery numbers.’
                                          
                                             ******
Dar le m'fhéilire, is ar an lá seo, i 1987, a tharla an Day of Five Billion, ach léim anseo gurb é inniu an:

World Population Day, mar aon le Bowdler's Day: más fíor an méid a léigh mé, tháinig an focal Béarla 'bowdlerize' ó mo dhuine. Is é inniu an Town Crier Day, agus an 7-Eleven Dayagus an National Blueberry Muffin Day, chomh maith.

Creid é nó ná creid, is é inniu an National Cheer Up the Lonely Day, freisin. Léigh mé an liosta 'Cheer Up the Lonely Ideas' ar an suíomh deireanach sin, a léitheoirí, agus táim ag dul ag roinnt an chéad cheann, 'Give someone a heartfelt compliment.' libh anois díreach:

Tá sibh uilig ag breathnú go hiontach inniu, a chairde!

3 comments:

aonghus said...

Mmm bonnóga fraochán, anois sin smaoineamh.

ormondo said...

Bonnóga fraochán gorm, nó bocairí fraochán gorm de réir focal.ie: nach iad na nithe boga atá blasta go leor ach do-cheansaithe ar fad?

Mise Áine said...

Is fearr liom féin na muifíní le sceall seacláide iontu..:-)