Sunday, July 10, 2011

Mise agus Mamó

Agus mé ag dul tríd mo chóip de Ghaelscéal na seachtaine seo, cé a chonaic mé ag breathnú amach orm, ó leathanach 26, ach Mamó, nó mar is fearr aithne uirthi, Máire Andrews.

Casadh Máire orm, blianta ó shin, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall. Bhí mé féin agus Sean Mór ag reáchtáil imeachtaí, do Sheachtain na Gaeilge, sna leabharlanna ar fud an chontae, agus, tar éis beagán taighde, chualamar faoi Chompántas Ababú, agus faoi Mháire Andrews.

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh gearr, tháinig Máire agus a compántas chuig na leabharlanna éagsúla, agus rinne sí sceitsí beaga iontacha, as Gaeilge, a d’fheil do chuile aoisghrúpa. Thaitin sí go mór liom, mar aisteoir, mar bhean inste scéil, agus mar dhuine.

Ó shin i leith, buailim le Máire ó am go chéile, agus is aoibhinn liom a comhluadar. Léigh mé mo chuid filíochta uair nó dhó sa Chultúrlann i mBéal Feirste, agus bhí Máire ansin, agus a gaolta léi aici go minic, ag bualadh bos go croíúil ar mo shon. Tá sé deacair tacaíocht, agus cairdeas, mar sin a shárú.

Pé scéal é, mura bhfuil sí feicthe agaibh fós, is féidir Máire ilbhuach a fheiceáil ina clár nua ‘Mamó’ a bheas ar siúl ar RTÉ 1, amárach, Dé Luain, ag 8.30 i.n., nó téigh isteach ar an RTÉ Player anseo, agus feicfidh sibh an chéad chlár a craoladh le Mamó, agus le Muintir Uí Chionnaith, ó Chontae an Chabháin.

No comments: