Thursday, July 7, 2011

Focail Féilire

Murach na bronntanais, b’fhearr éalú.

'If it were not for the presents, an elopement would be preferable.'

11 comments:

Dennis King said...

Más moladh atá uait, faigh bás. Más bronntanais atá uait, pós.

(Ar an drochuair, níl an chiall atá le “éalú” chomh cúng leis an gciall atá le “elopement”. Níor thuig mé an Ghaeilge go dtí gur léigh mé an Béarla.)

aonghus said...

Bhíos ar tí an rud céanna a rá. "Éalú le'd nuachar" seans? Ach is fearr liom nath Dennis pé scéal é!

Mise Áine said...

Tuigim céard atá i gceist agaibh maidir le 'éalú', ach sin an focal a tháinig chugam, cé go bhfuil 'athadh' ag focal.ie. Is dócha gur sórt 'éalú' a bhí i gceist sa seanam!

B'fhéidir go mbeadh 'b'fhearr don lánúin éalú' níos fearr mar chríoch, ach, fós, an mbeadh an chiall le tuiscint ón méid sin? An bhfuil focal eile agat do elopement a d'fheilfeadh, a Dennis?

Chuala mé an nath sin cheana, a Dennis, ach ní dóigh liom gur ionann é, mar nath, agus an ceann Béarla ó m'fhéilire - ceann maith, mar sin féin..:-)

Dennis King said...

Níl focal eile agam, a Áine. Is minic a bhíonn sé deacair bon mot a aistriú go gonta ó theanga amháin go teanga eile.

ormondo said...

"Murach na bronntanais, b’fhearr éalú." Nach sin nath a oireann do thuistí na brídí?

"Murach na spré, b'fhearr éalú." Mana thuistí an fhir, nó an fhir?

ormondo said...

Recte "Murach an spré..."

Anonymous said...

Murach...............b'fhearr teitheadh?

ormondo said...

I d'aonar?

Mise Áine said...

Samplaí maithe uilig, ceann nó dhó a bhain gáire asam ar maidin, ach, mar a scríobh Dennis, 'tá sé deacair bon mot a aistriú go gonta', is dócha.

Bhain mé sult as an díospóireacht, a fheara...:-)

Máire Mhic an Phríora said...

Táim ag smaoineamh ar an nath cainte as Béarla "he/she must be very fond of wedding cake" :)

Mise Áine said...

Is dóigh liom nach mbeadh fonn éalaithe ar an duine atá 'fond of wedding cake', a Mháire...:-)

Mo chuimhne, fáilte isteach, a chara!