Tuesday, June 28, 2011

Ó Chlaibín go Clab

An bhfuil a fhios agaibh céard é fhéin, a léitheoirí, ach shíl mise go raibh mé ar an eolas faoi fhormhór ghiuirléidí suimiúla an tsaoil, ach is léir nach bhfuilim.

Tháinig cara liom ag airneán agam aréir. Fuair mé buidéal beorach dó as an gcuisneoir, ach, ar chúis éigin, ní raibh mé in ann theacht ar m’osclóir buidéil in aon áit.

‘No problem!’ arsa mo dhuine, ‘Hand me the bottle.

Agus na focail ‘I’ll open it myself, no bother!’ á rá aige, bhain sé dó ceann de na cuaráin a bhí á chaitheamh aige. Céard a rinne sé ansin, a léitheoirí, ach an cuarán a iompú bun os cionn, áit a raibh osclóir buidéil le fáil ar an mbonn. Bhain sé an claibín den bhuidéal, chuir an cuarán ar ais ar a chos, agus thosaigh ag ól.

An rud is annamh is iontach, arsa mé féin liom féin, agus mé i mo sheasamh ag breathnú air, le clab go cluasa orm. Sin grianghraf den chuarán thíos.

Ar fhaitíos tú cosnochta agus/nó d’osclóir buidéil caillte agat, a léitheoir, is féidir sonraí na gcuarán a léamh anseo.


                                

6 comments:

Dennis King said...

* Ó * mo * dhia * ! Buille faoi thuairim: an é Astrálach a dhear é seo?

aonghus said...

Glic.

Mise Áine said...

Níl a fhios agam, a Dennis, ach bhí baint nach beag ag caiteoir an chuaráin thuas leis an áit sin..;-)

Mise Áine said...

Sin an smaoineamh céanna a rith liom féin, a Aonghuis.

Anois, dá mbeadh muidne in ann teacht ar smaoineamh chomh cliste sin...

John said...

GRMMA as m'aird a tharraingt ar seo, a Áine. Caithfidh mé péire a fháil don samhradh te, ahem, tirim.

Mise Áine said...

Fáilte romhat, a chara..;-)