Thursday, June 23, 2011

Na Meáin Shóisialta

Le bliain nó dhó anois, agus mé ag léamh faoi, nó ag plé le Facebook agus Twitter, mar shampla, tá sé tugtha faoi deara agam an éascaíocht lena roinneann daoine a gcuid tuairimí, a gcuid scéalta srl., ar na meáin sin; ar an uile ní agus ábhar. Níl dochar ar bith ansin, cheapfá, agus, go deimhin, táthar ann a déarfadh gur maith ann an ceangal sóisialta sin.  

Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.

Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.

Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.

Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.

3 comments:

aonghus said...

Gaois! (is maith liom an seanfhocal sin; cuirfead le mo stór é)

Anonymous said...

Hi a Áine! Cuairteoir nua mise agus ag baint taitneamh as do bhlag. Ceist agam ort - an dóigh leat go bhfuil difríocht ag baint le do thuairimí a nochtadh anseo seachas i Facebook nó Twitter, má's ea, cad é nó iad?

Mise Áine said...

@ Aonghus

Áthas orm gur tháinig mé ar cheann nach raibh agat cheana!

@ Ceisteanna

Fáilte isteach, a Niamh! Agus, go raibh maith agat...:-)

Sin ceist mhaith uait, a chara. Is ar an mblag amháin a scríobh mé ó thosaigh mé 'ag roinnt', ach chuirfinn cóip den mhír ar Facebook agus ar Twitter le tamall anuas, rud a d’fhág go raibh an rud ceannann céanna le léamh sna trí áit, cé gur ar an mblag a rinneadh an ‘nochtadh’, mar a déarfá.

Is fearr liomsa meán na blagála nuair atá mír le scríobh agam. Is féidir liom an mhír a scríobh roimh ré, nó ar an toirt, ach is fearr liom m’am a thógáil, rud sa bhreis a chur leis an mír, nó, b’fhéidir, rud eile a bhaint as an mír, más gá. Dá bhrí sin, táim den bharúil go bhfeileann meán na blagála níos fearr domsa.