Friday, June 17, 2011

An Lá is Sona

Mar a tharla anuraidh, agus arú anuraidh, ach ar dhátaí éagsúla, tá an Lá is Sona den bhliain anseo inniu, a léitheoirí, dar leis an Dr. Cliff Arnall.

Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint suilt as, agus go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibh uilig, cibé áit ina bhfuil sibh!

9 comments:

Néidí said...

Níl an ghrian ag taitneamh, lá liath, fliuch, gaofar atá againn ach tá seacláid agam agus táim sona! Bíodh lá deas agat!

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a chara...tá seacláid agamsa freisin.;-)

Dennis King said...

Maidin liath anseo i Seattle. Ach tá muid beo i ndóchas...

Anonymous said...

Cuairteoir neamhchoitianta anseo ar maidin in Portland, OR - an ghrian ag taitneamh ag a 6.00

ormondo said...

Gach bliain gan teip!

Agus anois tuigim cén fáth!

GRMA agus tá súil agam go raibh lá breá agatsa.

Mise Áine said...

Maith sibh, a Dennis!

Iontach, Bob!

Bhí, a Fhearghuis...:-)

Seán Mór said...

Lá Aonaigh na Gaelscoile, tuismitheoirí is páistí uilig le chéile againn, bhí sé galánta. Lá sona cinnte!

Réaltán Ní Leannáin said...

bhí an lá roimhe ní ba shona, caithfidh mé a admhail, mar gheall ar an aimsir. Ach bhí me i gCathair na Mart an an 'lá is sona' agus in ainneoin na fliche agus na gaoithe bhí an áit maorga amach is amach.

Mise Áine said...

Cá mbeadh muid gan pháistí, a Sheáin!

Bhí tú sona i gConnacht, a Réaltán, rud a thuigim...:-)