Sunday, June 19, 2011

Lá na nAithreacha

Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin beo. Fuair sé bás tobann blianta fada ó shin, gan súil ar bith agam leis, gan deis agam fiú slán a rá leis.

Chuile bhliain, agus an lá seo ag teacht níos gaire, feicim na cártaí sna siopaí, agus airím uaim m’athair féin, arís is arís eile. Is dóigh liom go mbeidh an scéal amhlaidh go dtí lá mo bháis féin.

Ach, ní lá é seo le bheith brónach, a léitheoir!

Cibé áit ina bhfuil tú inniu, más ann do d’athair, nó más athair thú féin, bain sult as Lá na nAithreacha.

Agus, más rud nach bhfuil d’athair leat, tá súil agam go dtabharfaidh do chuimhní cinn suáilceas duit inniu.  

3 comments:

aonghus said...

Maith agat. Athair fós beo; agus páistí. An rud is annamh is iontach - fuair mé cupán tae sa leaba ar maidin.

SeanO said...

Cupán caife agamsa agus glaonna fóin agus Skype ó mhic agus iníon agus scata mór garleanaí ag canadh sa chúlra. Sin ráite, áfach, tuigim d’Áine. Cronaím é cé go mbeadh an céad bainte amach aige agus é ina bheo fós.

Mise Áine said...

Áthas orm gur tugadh aire daoibh, a fheara!

@ Cronaím é...

Tuigim, a Sheáin.