Wednesday, June 29, 2011

Focail Féilire

Ní bhíonn fadhbanna tráchta ar bhealach an aimhleasa.

'There are no traffic problems on the way to ruin.'  

6 comments:

aonghus said...

N'fheadar!

“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach."
(Mth 7:13)

Dennis King said...

Ceist gramadaí: an mbeadh “ní bhíonn” níos fearr i nath mar seo? Agus mar a dúirt Aonghus, feictear dom go mbíonn neart tráchta ar an mbealach sin i gcónaí! Ach is féidir go bhfuil an bóthar sách leathan.
;-)

Mise Áine said...

Caithfidh mé a rá gur cheap mé féin go mbeadh neart fadhbanna tráchta ar an mbealach sin, ach b'fhéidir go bhfuil diabhal éigin ar an mbóthar a stiúrann daoine sa treo mícheart!

@ an mbeadh “ní bhíonn” níos fearr

Aontaím leat, a Dennis, agus táim chun é sin a athrú anois. Maith thú!

aonghus said...

Bhuel tá bonn ceart faoi ar aon nós - níl aon ghanntanas deá-rúin chun dromchla láidir a chuir ar fáil.

John said...

Feicim go bhfuil leabhar féinchabhrach scríofa ag Sarah Ferguson anois, agus a leithéid de 'chúnamh' ón iar-bhanphrionsa:

Become aware of your mind chatter.
Tap into the healing power of animals in your life.

In ainm Dé.

Tuilleadh comhairle ó Fheirgí anseo: http://www.guardian.co.uk/uk/2011/jun/29/sarah-ferguson-duchess-york-advice?INTCMP=SRCH

Mise Áine said...

@ níl aon ghanntanas deá-rúin chun dromchla láidir a chuir ar fáil.

Tá'n ceart agat a Aonghuis!

@ Become aware of your mind chatter.

Hmmm...meas tú cé a stiúir ise ar a bealach, a John!