Monday, June 20, 2011

Faoi Lánseol!

D’fhán mé i mo shuí, ag breathnú air, cé nár thuig mé, go hiomlán, céard a bhí ag dul ar aghaidh. Má chuir mé ceist amháin, chuir mé céad ceist. Bhí An Garraíodóir foighneach. D’fhreagair sé na ceisteanna, ceann i ndiaidh a chéile.

Ach, níor bhain sé a shúile den teilifís.  Bhí corr ‘Yaboyya!’ i lár na bhfreagraí, mar aon le ‘He has it!’ agus ‘There’s no stopping him now!’ Bhí an ceart aige.

Cé nach bhfuil leid dá laghad agam faoin gcluiche, tá a fhios agam go raibh mé i mo shuí sa seomra suite aréir, ag foghlaim faoi chluiche nach dtuigim, ag breathnú ar fhear óg uasal ag treabhadh leis, gan stró, shílfeá, agus tá a fhios agam gur mhothaigh mé iontach bródúil as an Éireannach a thug leis trófaí an U.S.Open aréir. 

Nár laga do swing go deo, a Rory McIlroy! 

2 comments:

Néidí said...

Rinneas iarracht breathnú air ach ní raibheas in ann mo chuid súile a choinneáil oscailte agus ní raibh aon duine againn chun an cluiche a mhiniú dúinn

Mise Áine said...

Bhain mé sult as, a Néidí, fiú gan leid agam, ar dtús, faoi na rialacha. B'fhéidir gur chaill tú féin an cluiche, ach níor chaill Rory é - wúhúúúúú!